oifig@scoiland.ie

01 840 9640

Draighneán, Bóthar Fhaol Droma, Sord, Co. Áth Cliath, K67V207

 

Neamhláithreacht

Is féidir le múinteoirí dul i dteagmháil leis an mBord Bainistíochta chun cur isteach ar na cineálacha seo neamhláithreachta:

Sosanna Gairme                      Ciorclán 10/03             Comhroinnt Poist       Ciorclán 11/03

Malartú Múinteoirí                 Ciorclán 12/03             Saoire Chúramóra        Ciorclán 05/03

Iasacht                                     Ciorclán 11/02             Saoire Staidéir             Riail 116

Saoire Scrúduithe/Staidéir       Ciorclán 18/00             Saoire Mháithreachais Ciorclán 14/05

Saoire SPB*                            Ciorclán 37/97             Saoire Uchtála             Ciorclán 14/05

01/01. Neamhláithreachtaí Gearra                               Saoire Force Majeure  Ciorclán M18/00

Ciorclán M18/00

*Saoire Bhreise Pearsanta

Is féidir teacht ar na ciorcláin ina bhfuil téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le Cead Neamhláithreachta ar shuíomh idirlín Roinn an Oideachais www.education.ie agus ar shuíomh idirlín CMÉ www.into.ie .

Is féidir le Cuntóirí Riachtanais Speisiala dul i dteagmháil leis an mBord Bainistíochta chun cur isteach ar na cineálacha seo neamhláithreachta: Saoire Mháithreachais/Atharthachta, Saoire Thuismitheoirí/Uchtála, Saoire Chúramóra, Saoire Force Majeure agus Neamhláithreachtaí Gearra (Pay SNA 18/04).

Is féidir le Rúnaithe/Feighlithe Scoile dul i dteagmháil leis an mBord Bainistíochta chun cur isteach ar na cineálacha seo neamhláithreachta:

Saoire Mháithreachais/Atharthachta/Uchtála, Saoire Thuismitheoirí/Chúramóra, Saoire Force Majeure agus Neamhláithreachtaí Gearra.

Déanfar breithniú ar iarratais a bhfuil gá acu le cead ón mBord Bainistíochta nuair a fhaightear cáipéisíocht chuí i gcomhréir leis na critéir a leanas:

1.         Uimhir na múinteoirí ar saoire nó ag éileamh saoire

2.         Ionadaithe/múinteoirí sealadacha cáilithe a bheith ar fáil

3.         Tréimhse seirbhíse sa scoil

4.         Oiriúnacht an chomhpháirtí i gcás postroinnte/malartú múinteoirí don rang a bhíonn i gceist.

Neamhláithreachtaí Gearra

Bíonn rogha ag an gCathaoirleach neamhláithreachtaí gearra a cheadú, ina measc saoire phearsanta gan pá sa ghearrthéarma, má bhíonn fáil ar ionadaí oiriúnach.

Saoire Bhreise phearsanta

Baill foirne a bhíonn i dteideal SBP, ba chóir dóibh fógra a thabhairt ag tús na scoilbhliana.  De ghnáth ní bhíonn cead ach ag ball foirne amháin a bheith as láthair ar SBP lá ar bith, agus tabharfar tús áite don duine is túisce a dhéanann éileamh.  Iarrtar ar mhúinteoirí gan níos mó ná lá SBP amháin a iarraidh i mí an Mheithimh

Caithfidh ball foirne a bhíonn ag éileamh cead neamhláithreachta:

  1. Iarratas i scríbhinn a chur in am chuig an Cathaoirleach
  2. Bheith i gcomhréir leis na téarmaí leagtha síos ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta, Bord Bainistíochta agus reachtaíocht a bhaineann le hábhar.
  3. Bheith sásta freastal ar chruinniú den mBord Bainistíochta chun breis eolais a thabhairt más gá.

Déanfaidh an Bord Bainistíochta

  1. Gach iarratas le haghaidh cead neamhláithreachta a phróiseáil chomh tapaidh agus is féidir agus déanamh de réir na téarmaí tagartha leagtha síos ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta, an ráiteas polasaí seo agus an dlí.
  2. Tar éis cinneadh a thógaint, ba chóir don mBord Bainistíochta an t-iarrthóir a chur ar an eolas  taobh istigh de sheachtain amháin.
  3. Iarratais a phróiseáil faoi rún.
  4. Cead neamhláithreachta a éascú ach amháin nuair a dhéanfadh sé diobháil do phróiseas oideachais na scoile.

 

Working Hours

  • Monday9am - 6pm
  • Tuesday9am - 6pm
  • Wednesday9am - 6pm
  • Thursday9am - 6pm
  • Friday9am - 6pm
  • SaturdayClosed
  • SundayClosed
Teachers