oifig@scoiland.ie

01 840 9640

Draighneán, Bóthar Fhaol Droma, Sord, Co. Áth Cliath, K67V207

 

Rochtain agus Rannpháirtíocht

Tá an polasaí seo réadtiomnaithe chun a bheith i gcomhréir le hachtanna éagsúla an Oireachtais m.sh Acht Oideachais (1998), Acht um Stádas Comhionann (2000) agus Acht um Chomhionannas Fostaíochta (1998).  Tá sé i gceist aige prionsabail an chirt agus an chomhionannais a chothú ar son chomhphobal na scoile.

  • Ní dhéanann critéir rollaithe Scoil an Duinnínigh leithcheal ar dhaltaí le cúlra éagsúil sóisialta.  De réir Polasaí Rollaithe na scoile bíonn rochtain chomhionann ag gach dalta ó cheart.
  • Is é polasaí na scoile go mbeadh réimse áiseanna atá cothrom ó thaobh inscne de i gcúrsaí curaclaim – téacsleabhair, ábhair choimhdeacha, bogábhar, fearas spóirt etc.
  • Baintear úsáid as gach deis chun cothromaíocht inscne a chothú trí mheán an churaclaim discréidigh/fholaithe.
  • Cinntíonn na múinteoirí go ndéantar an curaclam a chur trasna ar bhonn cothrom ó thaobh inscne agus glacann siad le gach deis chun tuiscint na ndaltaí a spreagadh maidir le dearcadh neamchomhfhiosach.
  • Ní déantar idirdhealú ar bith idir an dá inscne agus na ranganna á leithdháileadh.
  • Mar atá aontaithe leis an mBord Bainistíochta agus na tuismitheoirí ní foláir do na daltaí i Scoil an Duinnínigh éide scoile a chaitheamh.
  • Ní chuirtear ábhar ar bith i bhfógraíocht ar bith a thabharfadh le fios go bhfuil meas ar leith ar inscne ar bith.
  • Ní chuirtear ceist ar bith a chur i rith agallaimh a d’fhéadfaí tuiscint a bhaint as go bhfuil idirdhealú i gceist ar bhonn inscne.
  • Fostóir Comhionannais Deiseanna is ea an scoil seo.
  • Tacaíonn an Bord Bainistiochta leis an bpolasaí  agus le héiteas  an chomhionannais agus na rannpháirtíochta i measc chomhphobal iomlán na scoile.
  • Cothaíonn an fhoireann coincheap an chomhionannais agus an chirt do chách, ins na cláir oideachais ar leith agus sa churaclam “folaithe” ar feadh an lae ar scoil.
Working Hours

  • Monday9am - 6pm
  • Tuesday9am - 6pm
  • Wednesday9am - 6pm
  • Thursday9am - 6pm
  • Friday9am - 6pm
  • SaturdayClosed
  • SundayClosed
Teachers