oifig@scoiland.ie

01 840 9640

Draighneán, Bóthar Fhaol Droma, Sord, Co. Áth Cliath, K67V207

   

Scéalta Ó Rang A Trí!!!

A Chairde, ta áthas orainn i Scoil An Duinnínigh go bhfuil scríbhneoirí óga den chéad scoth againn . . .Más maith leat stair agus béaloideas na tíre seo leann ort agus léigh an scéal íontach seo. Is í Ella Ní Laoi Ní Cheallaigh a chuir peann le páipéar ach is scéal íontach sean é seo ó Chúige Uladh. . .

 

 

Mac Rí Éireann

MacRi
Fadó ,fadó bhí Rí in Éirinn.Bhí 13 mac aige. Lá ámhán bhí sé ag seilig. Bhí sé amuigh in aice locha. Chonaic sé eala, bhí 13 eala beaga aige. Bhí siad ar fad ag snámh lena chéile. . .

Eala

Bhí an t-eala ag tabhairt bata agus bóthair do pháiste amháin.Chas eala óg amháin timpeall agus d’imigh sé leis ag snámh leis féin. Níor thuig an Rí cad a tharla.   Chuaigh an rí go dtí an Sean Dall Glic.Ba fhear cliste a bhí ann, saghas draoi. Dúirt an Sean Dall Glic “Caithfidh gach daoine le 13 páiste bata agus bóthair a thabhairt do pháiste amháin”.

sean dall glic

 

Bhí an-brón ar an Rí. Le teacht na hoíche d’fhan an Rí ag an ngeata. Tháinig a pháistí ar fad abhaile. Lig sé isteach dosaen dóibh. Tháinig an mac derineach abhaile. Níor oscail an Rí an geata.  Nuair a chonic sé a mhac duirt sé “Caithfidh tú imeacht”. Bhí an prionsa an- brónach, fuair sé a éadaí agus léim sé ar an gcapall bán agas dimigh sé. Chaith sé a lán lán ama ag taisteal.  Chuaigh sé tríd cúpla tír, chuaigh sé thar sléibhte móra  agus thrasnaigh sé cúpla farraige freisin. Bhí sé ag taisteal agus ag taisteal agus níor stop sé go dtí gur shroic sé An Domhain Thoir!  Bhí rí nua ansin. “Cén fáth a bhfuil tú anseo”? a duirt an rí. “Thug mo dhaid bata agus bóthair domsa” a duirt an prionsa óg.

Rí Nua

 

“Ar mhaith leat post”? a duirt an rí.

“Ba bhreá liom post” a duirt an prionsa.

“Ceart go leoir, tabhair aire do mo bha” a duirt an rí. Bhí a lán ba ag an Rí seo agus bhí sé íontach saibhir.

“Tabharfaidh mé aire dóibh ar feadh 7 mbliana” a duirt an proinsa. Ar an gcéad lá a bhí sé ag obair, agus chonaic sé go raibh féar deas agus srutháin agus sméara agus mil le fáil sa Domhain Thoir. . .

Ba

Ach ba le fathach fíocmhar an talamh ab fhearr. . .Bhí túr ard ag an bhfathach agus bhíodh sé ag féachaint amach ar ghach  duine. . . Ní raibh cead ag duine ar bith, nó bó ar bith, dul ar a chuid talaimh . . . Gach oíche lig an fathach béic mór as chun eagla a chuir ar na daoine ar fad. Bhí eagla ar an Rí nua agus ar na saighdiúirí a bhí aige.

 

Fathach

 

Ní raibh eagla ar bith ar an phrionsa óg! Bhí misneach aige! Thóg sé na ba go dtí na páirceanna deasa. Chonaic an fathach é ! Amach leis ón dtúr a bhí aige, bhí fearg an domhain air! Bhí sé mór mílteach. . . D’ionsaigh an Prionsa an fathach. Bhain sé na cosa dó lena chlaíomh. Thit an fathach fíochmhar go dtí a ghlúine. . . Ansin ghearr an Phrionsa óg aríst é agus thit sé go dtí a bhásta. . . An triú uair bhain an Prionsa a cheann dó agus thit an fathach go talamh agus é marbh. . .

 

Chuaigh an Prionsa go teach an fhathaigh sa túr agus bhí seodra agus saibhreas ann ! Líon sé a mhála agus thit ina luí ar leaba an fhathaigh. . . Bhí dinnéar blasta ag na ba an oíche sin agus bhí said lán le bainne don Rí. Bhí an Rí íontach sásta . .

 *****     Críoch  le cuid a h-aon    *****

 

A Chairde, nach bhfuil sé sin ar fheabhas ar fad, maith thú Ella! Bígí ag féachaint ar an suíomh seo más mian libh cuid a dó agus cuid a trí a léamh. . . Tá siad ag teacht . . .

 

Comments are closed.