oifig@scoiland.ie

01 840 9640

Draighneán, Bóthar Fhaol Droma, Sord, Co. Áth Cliath, K67V207

 

Scoil An Duinnínigh i gcoinne Scoil An Chroí-Ró-Naofa

Scoil An Duinnínigh i gcoinne Scoil An Chroí-Ró-Naofa

13/10/2015      Bridgefield, Mullach Íde.

 

Lá geal a bhí ann agus bhí slua breá tuismitheoirí tagtha le féachaint ar ár bhfoireann peile. I mbliana bhí ag éirí go maith linn. Ní raibh ach cluiche amháin caillte againn agus bhí mí-ádh orainn an lá sin. Inár gcoinne an lá seo bhí Scoil An Chroí-Ró-Naofa, as Baile na nGall. Bhíódar i mBridgefield go luath agus cuma an-eagraithe orthu. Thuig na bainisteoirí Múinteoirí Jack agus Máirtín láithreach go mbeadh dúshlán mór romhainn!

 

 

Ba léir ón dtús gur foireann chumasach a bhí iontu, toisc go bhfuair Scoil An Chroí-Ró-Naofa cuplá cúilín ag tús an chluiche agus ní raibh Scoil An Duinnínigh fiú dúisithe! Ach diaidh ar ndiaidh d’éírigh lenár gcosainteoirí greim ceart a fháilt ar an gcluiche agus ar an liathróid. Bhí Tadhg Ó Riain, Alex an tSneachta agus Liam Aighleart ag feabhsú gach aon nóiméad agus ag ionsú gach aon liathróid. Faorar d’éirigh le Scoil An Chroí-Ró-Naofa cúpla cúilín eile a fháílt agus bhíomar faoi bhrú! Murach iarrachtaí ár gcúlbáire bhí baol ann go mbeadh bearna i bhfad níos leithne idir na foirne. Léirigh Daragh Ó Maonaigh gur cúlbáire cumasach ciallmharr é agus bhí gach duine den lucht féachana, ón dá scoil, á mholadh.

 

 

Thug sé seo spreagdh dúinn agus thosnaíomar ag imirt i bhfad é níos fearr sa dara chuid den chéad leath. Bhí obair na gcapall á dhéanamh ag Johnny Ó Miadhaigh in aice na taobh líne  agus uimhir a 7 air a dhroim aige. D’éirigh linn dul ar chúpla ionsaí ansin agus bhíomar ag brath ar ghliceas Chonall Uí Raghallaigh agus Pheadair Uí hIcí chun teacht ar dheiseanna agus scóranna. Díreach agus an réiteoir ar tí feadóg leathama a shéideadh, d’aimsigh Jordie Ó Dálaigh cúl dúinn agus thug sé seo ábhar dóchais dúinn ag leathama cé go raibheamar ag cailiúint 3-3 i gcoinne 1-2.

 

Bainisteoir Na Míosa?

Bainisteoir Na Míosa?

Bheartaigh Múinteoir Jack roinnt daoine a bhogadh timpeall ag leathama. Mhalartaigh Ollie Mac Lochlainn le Christian Muilleoir agus tháinig ár lántosach Aodh Ó Conchubhair ar ais ar an bpáirc.

 

 

 

 

D’oibrigh na pleananna seo agus bhí tús láidir againn sa dara leath. Sheolamar isteach cúpla cic fada agus rug Aodh Ó Conchubhair orthu! Fuaireamar cúl agus cúilín. Bhí greim ceart anois againn i lar páirce agus liathróidí á bhuachaint go slachtmhar san aer ag Piaras Ó Donnchú. Cheap ár lucht féachana go mbeadh ár lá linn.

Foireann Na Soile 2019

Captaen Na Scoile 2019

Ach faraor, thit an lug ar an lag agus tháinig Scoil An Chroí-Ró-Naofa anuas na páirce ar an bhfrithionsaí agus fuaireadar cúpla scór deas. Bhíomar faoi bhrú aríst agus ní raibh aon dul as ag Daragh Ó Maonaigh ach a chorp a chaitheamh isteach sa bhearna baoil chun an cúl a chosaint. Lean Scoil An Chroí-Ró-Naofa orthu ag feabhsú agus mhéadaigh an bearna a bhí eadrainn.

 

IMG_0670

 

Ach, ní raibh deireadh linn go fóil. Rug Darach Ó Géibhnigh greim ar an liathróid agus d’imigh sé leis ar luas lasrach. Tharraing cosainteoir go talamh é agus bhí cic éirce againn! Bhí roinnt den slua ag lorg cárta dubh! Faraor stopadh ár iarracht. Gan ach cúpla soicind fághta ar an gclog d’éirigh le hAodh Ó Conchubhair an lámh in uachtar a fháil aríst agus d’aimsigh sé cúl déanach. Bhí ár gcosa in airde againn aríst ach mar gheall ar easpa ama, theip orainn an bua a fháilt cé gur an-cluiche peile ar fad a bhí ann. Chailleamar le cúpla pointe ach is cinnte go mbeidh lá eile ag an bPaorach!

 

An Scór Deiridh:   Scoil An Chroí-Ró- Naofa     5-3

                   Scoil An Duinnínigh              3-6

Captaen An Lae: Alex An tSneachta

 Imreoir Óg An Lae: Jordie Ó Dálaigh

Laoch An Chluiche!
                           Laoch An Chluiche!

 

Comments are closed.
Working Hours

  • Monday9am - 6pm
  • Tuesday9am - 6pm
  • Wednesday9am - 6pm
  • Thursday9am - 6pm
  • Friday9am - 6pm
  • SaturdayClosed
  • SundayClosed
Teachers