oifig@scoiland.ie

01 840 9640

Draighneán, Bóthar Fhaol Droma, Sord, Co. Áth Cliath, K67V207

 

Turas Den Scoth!

A Chairde , seo turaisc eile daoibh ó Rang a Sé thuas staighre. I rith na seachtaine bhí an t-ádh dearg linn ach seachas an lá a chaitheamh sna seomraí ranga bheartaíomar léimt ar bhord bus agus isteach linn sa bhaile mór. Seo dhá chúntas daoibh ó Jodie agus Saoirse chun blasadh a thabhairt daoibh den turas a bhí againn . Maith sibh a iriseoirí óga ! ! !

Mo Thuras  Go Dtí An Baile Mór le Jodie

Inniu chuaigh an dhá Rang a 6 isteach go dtí an baile mór.Bhíomar ar bís roimh a d’fhág muid an scoil ar maidin.Fuair muid ar an mbus tar éis a naoi. Shuigh mé in aice le mo chairde.Stop muid i lár na cathrach.

Chuamar go dtí Coláiste na Trinóide.Chonaiceamar a lán rudaí spéisiúla .D’fhoghlaim muid go leoir faoi Leabhar Cheannanais.Chuaigh muid isteach go leabharlann ann.Bhí na mílte leabhar ann!Tógadh é idir na blianta 1712 agus 1732.Bhí cuid is mó de na leabhair i Laidin.

Tar éis sin,shiúl muid síos go dtí teach an Ard Mhéara.Bhí an áit go hálainn,agus an slachtmhar.Bhí taoschnónna agus deoch ansin ar bhord ag fanacht dúinn.Bhlas said thar barr.Bhíomar lán go béal tar éis.Ba fear an cairdúil é an Ard Mheara.Thug sé turas dúinn timpeall a theach.Bhí sé go hálainn,ní creidim go bhfuil sé ina chónaí ann!!!Bhí na seomraí chomh mór le seomra ranga! Bhí an seomra bia an slachtmhar.Ba é ‘The Oak Room’ ceann de na seomraí ab fhearr liom.Bhí mé in éad leis.Fuair muid cúpla pictúirí leis.

Ar deireadh d’fhág muid a theach.Chuamar ar ais ar an mbus ansin.Bhíomar ar an bhus ar feadh timpeall leath uair nuair a stop muid ag Mc Donald’s.Thóg gach duine cúig euro leo.Cheannaigh mé sceallóga,sicín,agus deoch.Shuigh mé in aice le mo cairde Saoirse, Alex,Mia,agus Alannah.Tar éis sin,fuair mé uachtar reoite.Bhí an uachtar reoite an bhlasta ar fad.Nuair a bhí mé críochnaithe fuair mé ar ais ar an mbus.

Bhíomar ar ais  sa bhaile go tapaigh. Nuair a stop an bus chuamar ar ais ar scoil faoi dheireadh.Rinne mé roinnt obaire ar an ríomhairí.Ní bhfuair muid aon obair bhaile agus bhí mé beo bríomhar ag dul abhaile.Bhí lá iontach agam.D’fhoghlaim mé faoi a lán rudaí an lá sin.

Cuireadh “Fáilte Uí Cheallaigh” romhainn!

Mo Thuras Isteach Go Dtí An Baile Mór le Saoirse!

Inniú chuaigh Rang a 6 isteach go dtí an baile mór.Bhí gach duine ar bís agus d’fhág muid ar maidin ar an mbus.Bhí muid ar an mbus le haghaidh 40 nóimead.Ansin stop muid i lár na cathrach.Chuamar go dtí Coláiste na Trinóide.Bhí sé dubh le daoine ann ach d’éirigh linn dul isteach go dtí An Leabhar Cheannanais chun an ealaíon Ceilteach cáiliúl a fheiscint.

Ansin shiúl muid go dtí Teach an Ard Mheara.Thug an Ard Mheara taoschnónna agus deoch dúinn ar fad.Thug sé thuras dúinn timpeall a theach.Bhí an theach go hálainn! Fuair muid cúpla pictúirí leis agus chuir muid cúpla  ceisteanna air.Duirt sé linn faoi na Ard Mhéara ar fad ón stair agus bhí sé an spéisiúl.

Tá an dinnéar réidh!!

Chuaigh muid ar ais ar an mbus ansin.Stop an mbus ag Mac Donald’s.Thóg gach duine cúig euro leo.Cheannaigh mé sceallóga,sicín agus deoich dom féin.Shuigh mé in aice le mo chairde Mia,Alex,Jodie agus Alannah.Bhí an bia an blasta ar fad.Nuair a raibh mé críochnaithe le mo bhia chuaigh mé ar ais ar an mbus.

Bhíomar ar ais ar scoil timpeall a dó.Nuair a stop an bus chuaigh muid ar ais go dtí an seomra ranga.Rinne muid rionnt oibre ar scoil agus dúirt an múintoir linn nach raibh aon obair bhaile again.Bhí gach duine chomh sásta.

Bhí lá iontach agam in san baile mór agus d’fhoglaim mé a lán rudaí an la sin.

Sin é a chairde, bhí turas den scoth againn agus ba mhaith le na múinteoirí ranga ár mbuíochas a ghabháil le na tuismitheoirí a tháinig linn , agus ár bpáistí béasacha agus ach go háirithe leis an Ardmhéara Nial Ring (agus Gaeilge den scoth aige chomh maith!). Tuigimid go maith go raibh an t-ádh linn a léithéid de thuras a bheith againn agus cheap an dá rang gur bealach fíordheas é a bheith ag foghlaim, muid amuigh faoin aer sa bhaile mór !

Comments are closed.
Working Hours

  • Monday9am - 6pm
  • Tuesday9am - 6pm
  • Wednesday9am - 6pm
  • Thursday9am - 6pm
  • Friday9am - 6pm
  • SaturdayClosed
  • SundayClosed
Teachers