A Chairde , deá scéal eile ag teacht chugaibh ó Scoil An Duinnínigh. . .
Inné, don chéad uair le tréimhse fada ama anuas de bhí foireann ón scoil íontach seo ag imirt i sraithchomórtas de chuid Cumann na mBunscol.
23/4/2015 Bridgefield
Scoil an Duinnínigh 3 -0
Scoil an tSeachtar Laoch 6-1
Bhíomar i gcoinne Scoil an tSeachtar Laoch agus lá an-bhreá a bhí ann. Bhí an ghrian go h-ard sa spéir agus cuma na maitheasa ar an bpáirc imeartha i mBridgefield. Thaisteal gach duine ón scoil agus na geansaithe spóirt agus bróga peile orthu. Bhíomar ar bís ach mar sin féin b’fhéidir go raibh amhras orainn leis!
Ar aon nós is foireann an-óg a bhí roghnaithe agus bhí gaiscigh spóirt i láthair ó ranganna a 3 agus a 4. Bhí Mason Ó Tuairisc Ó Raghallaigh mar Chaptaen An Lae. Le treoireacha ag teacht ón dtaobhlíne ón bhfear feasa an Múinteoir Jack bhí gach duine ullmhaithe agus eagraithe. Nó is mar sin a cheapamar!
Ba léir ón gcéad nóiméad go raibh taithí ag Scoil an tSeachtar Laoch nach raibh againne agus cuireadh brú mór ar fhórsaí cosainte an Duinnínigh. Murrach iarrachtaí Aaron Ó Griffín agus é sa chúl bhí baol ann go mbeadh an cluiche seo críochnaithe ag leath ama. Lean cúrsaí ar aghaidh sa chéad leath agus muid go cróga ag stopadh tosaithe An tSeachtar Laoch. I lár páirce tháinig feabhas orainn agus bhí an lámh in uachtar ag Piaras Ó Donnchú agus Christian Miller. Bhí roinnt de n-ár dtosaithe óga ag rith timpeall go fiáin agus iad ag luascadh na gcamán go fíochmhar. Mar sin féin theip orainn aon scór a fháilt sa chéád leath agus díreach roimh theacht leathama d’aimsigh Scoil An tSeachtar Laoch cúl den chéad scoth ! Bhí an cuma ar an scéal go raibh ár bport seinnte!
Bhí sos againn ag leath ama. D’ólamar roinnt uisce agus bheartaigh gach duine an iarracht a dhéanamh sa dara leath. Tháinig na fir ionaid ar fad ar an bpáirc le breis fuinnimh a thabhairt dúinn. Sár-iarracht a bhíagainn sa dara leath agus de bhí na sluaite ballaithe ar an dtaobhlíne le féachaint orainn. D’éirgh le Scoil an tSeachtar Laoch dul níos faide chun cinn faraor . Fuaireadar 5 cúl i ndiaidh a chéíle. Ach creid nó ná creid dhúisigh sé sin muid agus d’éirigh linn 3 cúl a aimsiú. Tharla sé go raibh muid ag bagairt chun cúpla cúl eile a fháil ach ní raibh dóthain ama fághta agus an bua ag Scoil an tSeachtar Laoch.
Sa chluiche bhí gach duine ar fheabhas ar fad, go háirithe siúd nár imir cluiche iománaíochta riamh agus bhaineamar ar fad taitneamh agus tairbhe as ! Roghnaíodh Piaras Ó Donnchú mar laoch an Chluiche ach chun na fírinne a rá is cúigear laoch déag a bhí ar an bpáirc againn!