oifig@scoiland.ie

01 840 9640

Draighneán, Bóthar Fhaol Droma, Sord, Co. Áth Cliath, K67V207

 

1. Corpoideachas / Physical Education

Pleanáil | Planning

Múintear cúig as sé snáithe sa churaclam Corpoideachais gach bliain. Is iad  Lúthchleasaíocht, Cluichí, Damhsa, Gleacaíocht, Gníomhaíochtaí Lasmuigh agus Gníomhaíochtaí  Eachtraíochta  na snáitheanna a roghnaíomar. Tá Oiliúint agus Sábháilteacht uisce le múineadh chomh maith. Tugtar uair amháin gach seachtain don Chorpoideachas. Tugtar am roghnach don Chorpoideachas freisin. Tá plean caighdeánaithe againn don Chorp Oideachas ionas go bhfuil gach rang ag díriú ar an snáithe céanna agus ar na scileanna bunghluaiseachta céanna ag an am céanna. Múintear an clár ‘PAWS’ freisin. Tá ár bplean scoile don Chorpoideachas ar thaispeáint ar chlár fógra lasmuigh den halla, ag léiriú snáithe na míosa agus scil na míosa. 

All classes are taught five out of the six strands in the P.E. curriculum each year. The six strands include: Aquatics, Athletics, Games, Dance, Gymnastics and Outdoor and Adventure. Physical Education is allocated 1 hour per week of overall teaching time. Discretionary time is also used towards P.E. We have standardised the school year so that all classes are taught the same strand and fundamental movement skills at the same time. Children are also taught the ‘Land PAWS Water Safety Programme’. Our school P.E plan is displayed on a noticeboard outside the hall. It displays the strand and skill of the month.

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Gluais Go Maith, Gluais Go Minic | Move Well, Move Often

D’fhreatsal Brónagh agus Máirtín ar cheárdlanna ‘Gluais Go Maith, Gluais Go Minic’. Tá sé i gceist go gcuirfeadh an acmhainn seo le forbairt linbh ag an leibhéal den inniúlacht fhisiciúil atá aige/aici. Dearadh í le go gcuirfeadh sí le teagasc an churaclaim corpoideachais i mbunscoileanna na hÉireann . Tá sé mar aidhm aici moll uirlisí a chur ar fáil chun tacú leis an múinteoir scileanna bunghluaiseachta a theagasc ar fud na mbunscoileanna. Tar éis a bheith ag freastal ar na ceardlanna, roinn siad an t-eolas agus na hacmhainní leis an bhfoireann agus fuair siad éascaitheoir chun ceacht corpoideachais a mhúineadh don fhoireann ag cruinniú foirne. Freastlóidh Ciarán de B agus Gráinne ar an gcéad cheann eile níos déanaí sa bhliain i mí Márta 2020.

Máirtín and Brónagh have attended ‘Move Well, Move Often’ workshops. This resource is intended to contribute to the development of the physically literate child. It has been designed to complement the teaching of the Irish Primary School Physical Education (PE) Curriculum and aims to provide a range of tools to support the teacher in teaching fundamental movement skills (FMS) throughout the primary school.  After attending the workshops, they shared the information and resources with the rest of the staff and organised a facilitator to perform some lessons with the staff in lieu of a staff meeting. Ciarán de B and Gráinne will attend the next one in March later this year, 2020. 

 

 

 

 

 

 

Áiseanna | Facilities

Tá an t-ádh linn sa scoil go bhfuil go leor áiseanna iontacha againn a bhíonn in úsáid don Chorpoideachas.Tá halla spóirt againn. Tá raon reatha, páirc uile aimseartha agus cúirteanna cispheile againn. Tá páirc phoiblí i ngiorracht 200 méadar ón scoil!  Tá cluichí clóis péinteáilte ar an tarmac agus ar an raon uile-aimsire againn. Tá na ranganna go léir ag baint an-sult as iad a úsáid. 

We are very lucky in the school to have so many fantastic facilities that are used for P.E. We have a school hall and an All-Weather surface outside. We have sprint lanes, an all-weather area and basketball courts. Our nearest public park is only 200 metres away.  We have yard games painted on our ‘Infants’ Yard’ and on the surrounding tarmacadam. We have a mini pitch and rounders markings on our All-Weather area.  Our classes really enjoy using them. 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

An Seomra Spóirt |The Sports Equipment Room

Ghlan an Coiste Gníomhach an seomra spóirt amach agus fuaireamar athchóiriú déanta air. Déanaimid seic air go minic, (in éineacht leis na cinnirí clóis ón dá rang a sé) chun a chinntiú go bhfuil sé glan agus néata. Chaitheamar amach aon fhearas spóirt a bhí briste agus d’ordaíomar fearas nua a bhí ag teastáil. Chuireamar fearas i ngabhdáin éagsúla le lipéid orthu ionas go bhfuil siad éasca le feiceáil agus go bhfuil na múinteoirí in ann teacht orthu go háisiúil. Rinne an fear cothabhála tralaí dúinn cheana ionas go mbeimis in ann teacht ar mhataí Corpoideachais go h-éasca nuair a theastódh siad uainn.

The Active School Committee cleaned out our sports equipment room and check it regularly (with the help of the 6th class playground leaders) to ensure that it is kept tidy. We threw out any broken equipment and we ordered any new equipment that was needed. We sorted the equipment into different containers and labelled them so that the equipment is visible and so that teachers can easily access whatever equipment they need for their lessons. We hired carpenters to put more shelves up for us. Our caretaker made a ‘Mat’ trolley for the school so that we could move the mats more easily when needed for P.E. 

Comments are closed.
Working Hours

  • Monday9am - 6pm
  • Tuesday9am - 6pm
  • Wednesday9am - 6pm
  • Thursday9am - 6pm
  • Friday9am - 6pm
  • SaturdayClosed
  • SundayClosed
Teachers