oifig@scoiland.ie

01 840 9640

Draighneán, Bóthar Fhaol Droma, Sord, Co. Áth Cliath, K67V207

 

Ceol Don Chéad Chomaoineach

A Chairde ar fad i Rang A Dó,

Le cabhrú linn ar fad a bheith ag cleachtadh sa bhaile seo iad na hamhráin a bheidh againn don Chéad Chomaoineach. Is féidir na focail a fhoghlaim sa bhaile, agus na hamhráin a chanadh. Mar a deir an seanachas, cleachtadh a dhéanann máistreacht.

 

 

Ár nAthair

Ár nAthair,
atá ar neamh,
go naofar d’ainm,
go dtaga do ríocht,
go ndéantar do thoil ar an talamh,
mar a dhéantar ar neamh.
Ár n-arán laethúil tabhair dúinn inniu,
agus maith dúinn ár bhfiacha,
mar a mhaithimidne dár bhféichiúna féin,
agus ná lig sinn i gcathú,
ach saor sinn ó olc.

                                                         Ithigí An t-Arán Seo

Ithigí an tArán Seo,
Ólaigí as an gcailís seo.
Tagaigí chugam is ní bheidh oraibh ocras.
Cuirígí bhúr muinín ionam,
‘s ní bheidh oraibh tart.

Chéad Cúrfá: An té a itheann an t-arán seo, Mairfidh sé go brách.

Dara Cúrfá: An té a ólann an fion seo, Mairfidh sé go brách.

 

 

Céad Míle Fáilte Romhat

 

Céad míle fáilte romhat, a Íosa, a Íosa
Céad míle fáilte romhat, a Íosa
Céad míle fáilte romhat a Shlánaítheoir
Céad míle míle fáilte romhat, ‘Íosa, a Íosa

Glóir agus moladh duit, a Íosa, a Íosa
Glóir agus moladh duit, a Íosa
Glóir agus moladh duit, a Shlánaítheoir
Glóir, moladh agus buíochas duit, ‘Íosa, a Íosa.

 

Seo é an Lá

Can, can, can alleluia,
Seo é an lá ‘thug an Tiarna dúinn.
Seinn, seinn seinn alleluia,
Seo é an lá ‘thug an Tiarna dúinn.

Bíodh orainn gliondar is áthas,
Seo é an lá ‘thug an Tiarna dúinn,
Bíodh orainn gliondar croí,
Seo é an lá

Seinn ceol ag moladh an Tiarna,
Seo é an lá ‘thug an Tiarna dúinn.
Casaigí amhráin is ceol,
Seo é an lá.

Tagaimis le Chéile

Tagaimis le chéile chuig an Tiarna,
Canaimis is tugaimid glóir dó.
Tagaimis le chéile chuig an Tiarna,
Canaimis is tugaimis glóir dó.

Ithimis an t-arán beo, Arán na beatha, inniu is go deo.
Éistimid leis an deá-scéal
Faoi obair Íosa is a shaol. (Cúrfá arís)

Alleluia Alleluia

Alleluia Alleluia Alleluia

Alleluia Alleluia Alleluia

D’aiséirigh Íosa

Shabháil sé an cinne daonna

Tagamís le Chéile

Alleluia Alleluia Alleluia

Alleluia Alleluia Alleluia

 

Tá Brón Orm

Tá brón orm, tá brón orm,
Tá fíor- fíor-bhrón orm,
Gur ghortaigh me tú inniu ar scoil,
Ach ba mhaith liom bheith cairdiúil arís,
Tá brón orm, tá brón orm,
Tá fíor- fíor-bhrón orm.

Ó am go chéile i lár cluichí
Éirím crosta, ní bhím ag spraoi,
Ní bhím go deas leat, ní fheadar cén fáth,
Ach anois ba mhaith liom rud a rá:

Tá brón orm, tá brón orm,
Tá fíor- fíor-bhrón orm,
Gur ghortaigh me tú inniu ar scoil,
Ach ba mhaith liom bheith cairdiúil arís,
Tá brón orm, tá brón orm,
Tá fíor- fíor-bhrón orm.

Ó am go chéile insím scéalta
Nach bfuil fíor, níl ann ach bréaga,
Ní bhím go deas leat, ní fheadar cén fáth,
Ach anois ba mhaith liom rud a rá:

Tá brón orm, tá brón orm,
Tá fíor- fíor-bhrón orm,
Gur ghortaigh me tú inniu ar scoil,
Ach ba mhaith liom bheith cairdiúil arís,
Tá brón orm, tá brón orm,
Tá fíor- fíor-bhrón orm.

Is é an Tiarna m’Aoire

Is é an Tiarna m’Aoire
a thugann aire dom.
Tá aisling lán de ghrá aige dom,
Aisling lán de ghrá,
Treoraíonn sé mé.

Cuid den am is mé tuirseach
Faoi ghruaim nó liom féin,
Imíonn na deora uaimse
Le fáilte mhór romhat féin.
Treoraíonn tú mé.

Tugann tú dom bia,
Beanaionn tú mé gach lá,
Iarann tú orm suí go deo
I do bhaile féin go sámh.
Treoraíonn tú mé.

Comments are closed.
Working Hours

  • Monday9am - 6pm
  • Tuesday9am - 6pm
  • Wednesday9am - 6pm
  • Thursday9am - 6pm
  • Friday9am - 6pm
  • SaturdayClosed
  • SundayClosed
Teachers