oifig@scoiland.ie

01 840 9640

Draighneán, Bóthar Fhaol Droma, Sord, Co. Áth Cliath, K67V207

 

Comhpháirtíochtaí

Comhpháirtíochtaí

Coiste Scoile Ghníomhaí (CSG)

Bhí deis tugtha do dhaltaí Rang 5-6 iarratas a dhéanamh chun a bheith mar bhaill den CSG. Roghnaíomar beirt ó gach rang. Bhuail na páistí siúd le Niamh, Brian agus Sorcha ag am lóin, ag braith ar cén múinteoir a bhí ar dhualgas ar an gclós an lá sin. Tá an coiste seo ag obair go dian chun an Bhratach Scoile Ghníomhaí a bhaint amach!

Bíonn na páistí ar fad ó Rang 5 agus 6 ag cabhrú leis na naíonáin na cluichí chlois a imirt agus iad amuigh ag am lóin. Múineann siad na rialacha agus an teanga cuí dóibh.

 

Ag Céiliúradh Éachtaí Spóirt

Bíonn éachtaí á cheiliúradh againn ag an tionól go rialta. Spreagtar na páistí chun boinn, teastais srl. a thabhairt leo go dtí an tionól agus a scéalta faoina gcaitheamh aimsirí agus gníomhaíochtaí spóirt lasmuigh den scoil a roinnt linn. Ansin, tugaimid bualadh bos dóibh!

 

Cumann Lúthchleas Gael

Tagann OFC isteach ó Chumann Sailbheastar Naofa gach Céadaoin chun rannpháirtíocht i gcluichí CLG a chur chun cinn. Bíonn sé ag múineadh scileanna peile do pháistí ó Naíonáin Bheaga go Rang 2. Uaireanta déanann sé ceacht iománaíochta.

 

Imrímid peil agus iomáint sa scoil. Bíonn ár bpáinéal  iománaíochta agus peile ag traenáil tar éis am scoile. Glacann an scoil páirt i gcomórtais ‘Cumann na mBunscoil Áth Cliath’ sa pheil agus san iomáint. Glacannna foirne peile páirt i Sraith Fhine Ghall freisin. Bíonn Múinteoirí Ciarán, Meadhb agus Aoife Nic Uait i bhfeighil ar na cailíní agus Múinteoirí Brian agus Nicolás ar na mbuachaillí. Tá an scoil ar fad (agus na tuismitheiorí) fíor-bhuíoch as an obair agus am a cuireann siad isteach.

Bhí an-chuid le céiliúradh againn le deanaí mar shroich foireann peile na mbuachaillí an cluiche ceannais i bPáirc Pharnell. Fuair na páistí ar fad ó Rang a 5 agus 6 an deis dul ar an mbus chun tacaíocht a thabhairt dóibh. Bhí tráthnóna iontach againn ann! Tuigeann na himreoirí go bhfuil siad ag imirt ar son na scoile agus tuigeann an lucht tacaíocta go bhfuil na himreoirí ag imirt ar a son. Cuireann siad go mór leis an atmaisféar.

 

Fuair an foireann peile soláistí deasa an lá dár gcionn chun buíochas a ghabháíl dóibh as na h-iarrachtaí ar fad a bhí curtha isteach acu. Is léir gur bhain siad taitneamh as na treats!! Bhíodar go léir thar a bheith buíoch do Mhúinteoir Nóirín.

 

Mar scoil táimid bródúil as na comórtais atá buaite againn ach táimid i bhfad níos bródúla as líon na bpáistí a ghlacann páirt.

 

Rince Gaelach

Tagann Orla chuig an scoil gach Máirt chun rince Gaelach a mhúineadh. Glacann Naíonáin Mhóra- Rang 2 páirt sna ranganna seo. Bíonn céilí ag an scoil go léir i halla na scoile chun Lá ’le Pádraig agus Seachtain na Gaeilge a cheilúradh!

   

Ióga

Bíonn ranganna ióga ar siúl ag an múinteoir Ciarán do na páistí gach Aoine ar scoil. Baineann gach duine an-sult astu agus mothaíonn siad séimh agus suaimhneach ina dhiaidh.

Lúthchleasaíocht

Ag tús mí Bealtaine thosaigh Louise ó Comhairle Contae Fhine Gall ag déanamh an clár “Try Track and Field Programme” le Ranganna 3,4 agus 5 gach uile Déardaoin. Bíonn obair bhaile acu go rialta chomh maith, bíonn orthu taighde ar roinnt luthchleasí a dhéanamh sa bhaile.

Rinne Múinteoir Ciarán na trialacha reatha don chomórtas lúthchleasaíochta a mbeidh ar súil i UCD go luath. Is iontach an áis í an clos glas agus an raon reatha agus muid ag tabhairt faoi thraenáil mar seo!

 

 

 

Comments are closed.
Working Hours

  • Monday9am - 6pm
  • Tuesday9am - 6pm
  • Wednesday9am - 6pm
  • Thursday9am - 6pm
  • Friday9am - 6pm
  • SaturdayClosed
  • SundayClosed
Teachers