oifig@scoiland.ie

01 840 9640

Draighneán, Bóthar Fhaol Droma, Sord, Co. Áth Cliath, K67V207

 

Comórtas Fichille!!!

A Chairde ! Mar a thuigeann sibh ar fad bíonn na daltaí anseo i Scoil An Duinnínigh fíorghnóthach ar fad. . . Bíonn peil, iomáínt ,cispheil, drámaíocht ar bun againn !

 

Inniú, don chéad uair riamh chuamar go Comórtas Fichille. Caithfear buíochas ar leith a ghabháil leo siúd a bhí ar an bhfoireann. Nach maith iad!

 

IMG_2580

Is amuigh in Árás Chrónáin a bhí na cluichí againn. Bhí Gaelscoileanna an chúige tagtha ansin don chomórtas mór seo! Bhí na scoileanna seo glic agus cliste agus taithí acu ar an bhficheall, ach d’éirigh le himreoirí óga na scoile seo cúpla geit móra a bhaint astu!

 

 

 

Bhí an-lá go deo againn agus d’éirigh linn breis taithí a fháil, d’éírigh linn freisin blasadh ceart a fháil den bhficheall agus is cinnte go mbeidh muid ar ais aríst don chomórtas i 2016 !

 

 

 

Is cluichí dáiríre a bhí anseo. Bhí an teannas le brath sa halla. Ní raibh cead cainte, uisce a ól nó dul go dtí an leithreas fiú. Níor chuir sé isteach ná amach orainne áfach cé go raibh roinnt scoileanna eile ag crith le heagla!

 

 

Freisin tá orainn go raibh céad míle maith agat a rá leis an tiománaí a bhí againn i rith an lae, Michelle. Ná dearmad ach oiread go bhfuil daltaí ó ranganna 3 ,4 agus 5 ar ár bhfoireann fichille agus d’éirigh go geal leo i gcoinne daltaí a bhí i Rang a 6. . . Tús maith leath na h-oibre agus is cinnte go bhfeicfear roinnt Gary Kasprovs nó Bobby Fischers óga ag teacht ón scoil seo go luath!!!

 

 

 

 

Comments are closed.
Working Hours

  • Monday9am - 6pm
  • Tuesday9am - 6pm
  • Wednesday9am - 6pm
  • Thursday9am - 6pm
  • Friday9am - 6pm
  • SaturdayClosed
  • SundayClosed
Teachers