oifig@scoiland.ie

01 840 9640

Draighneán, Bóthar Fhaol Droma, Sord, Co. Áth Cliath, K67V207

 

Dinnéar Faoin Spéir !!

B.B.Q i Scoil AN D!!!!

A Chairde, an cuimhin libh an deá aimsir a bhí againn seachtain ó shin ? Is cinnte nach ndéanfaidh Ranganna a 4 agus a 5 dearmaid air toisc go raibh ( creidigí nó ná creidigí) B.B.Q Scoile acu fad is a bhí an ghrian ag scoilteadh na gcloch. Dár ndóigh ba ea seo an chéad B.B.Q Scoile a bhí i Scoil An Duinínnigh agus bhí lá den scoth ag gach uile dalta a bhí i láthair.

IMG_0820

 

Ó thús na bliana tá an-iarracht déanta ag an scoil ar fad ó thaobh na Gaeilge agus bhí gach rang ag feabhsú agus ag obair go dian le na Cartaí Glasa luachmhara a bhailiú. Roghnaíonn na daltaí iad féin an luach saothair a bhaineann siad amach trí na cartaí a bhailiú. Leis an gcóras seo d’éirigh linn snas agus saibhreas a chuir ar ár gcuid cainte agus mar gheall ar seo bhailigh Rang a 5 céad (100) carta glas ! Gaisce gan dabht ar bith.

 

Bheartaíomar an deis a thapú agus leas a bhaint as an deá-aimsir. Bheartaíomar freisin cuireadh oifigiúil a thabhairt do Rang a 4 toisc go raibh líon mór cartaí bailithe acu sin. D’éirigh leo 80 carta a chruinniú! Bhíomar ar fad ar bís!

IMG_0855

 

Más mian le duine ar bith feabhas a chuir ar a chuid Gaeilge b’fhiú dul ar chuairt go dtí na ranganna seo toisc go bhfuil gach aon páiste iontu líofa agus lán sásta an Ghaeilge a úsáid. Tá moladh mór tuillte acu ar fad.

IMG_0791

 

Ar aon nós, is é sin an fáth go raibh deatach le feiscint os cionn na scoile, agus boladh breá feola ag teacht tríd na fuinneoga tráthnóna Aoine. Bhí meitheal oibre againn, bhí páistí ag eagrú boird, bhí páistí ag gearradh trátaí, bhí páistí ag gearradh oiniúin agus iad ag caoineadh ! Bhí ar chúpla páiste cróga dul isteach sa seomra foirne le málaí feola a bhailiú ón gcuisneoir dúinn!

IMG_0833

An rud is annamh is íontach deirtear agus ní minic a bhíonn deis againn bia blasta ón B.B.Q a itheadh ar scoil. Líonadh gach bolg agus fiú tháinig cúpla múinteoir ocrach thall ag lorg greim le n-ithe. Maraon leis an mbia blasta bhí amhránaíocht agus ceol againn ar an bhféar sa chlós agus muid ag sú na gréine go sona sásta, agus é tuillte go maith ag gach uile páiste !

 

IMG_0851

IMG_0841

 

“Is lá álainn cairdiúil a bhí ann.Thosaigh sé an samhradh dúinn” – Olivia Ní Cheallaigh

“Bhí sé an-blasta” – Niamh Nic An Bhaird

“Bhí an aimsir oiriúnach” – Ollie Mac Lochlainn

“An duais is fearr riamh a bhfuaireamar do na Cartaí Glasa” Ciara Nic Gabhann

“Thaithin sé liom go raibh muid in ánn a bheith ag súgradh amuigh faoin aer” – Cáit Nic Cionnaith

“Bhí sé deas go raibheamar ar fad le chéile agus ag ithe borgairí!”   Shauna Blacklock

“10 as 10!” – Laura Nic Oscair

“Ag an B.B.Q bhain mé triall as handstand le borgaire sa lámh eile” – Anna Ní Laocha

 

“I bhfad níos fearr ná scrúdú litriú” – Múinteoir Maria

“Buíochas le Dia nach raibh páiste ar bith tinn maidin Shathrain” – Múinteoir Ciarán

 

IMG_0827

Comments are closed.
Working Hours

  • Monday9am - 6pm
  • Tuesday9am - 6pm
  • Wednesday9am - 6pm
  • Thursday9am - 6pm
  • Friday9am - 6pm
  • SaturdayClosed
  • SundayClosed
Teachers