oifig@scoiland.ie

01 840 9640

Draighneán, Bóthar Fhaol Droma, Sord, Co. Áth Cliath, K67V207

 

Féastaí agus Féilte – Tionscadail Rang 4

Le déanaí, bhí an dhá Rang 4 ag obair le chéile i ngrúpaí beaga chun Tionscadail a chur le chéile, bunaithe ar chuid de na féastaí agus féilte is cailiúla timpeall an Domhain. Chuir siad go leor obair isteach iontu, thar sé seachtaine. Ar an Déardaoin 6/4/2017 bhí cur i láthair ar siúl sa halla. Bhí dhá moltóir speisialta linn ar an lá- Múinteoir Nóirín agus Múinteoir Máire. Dár leis an bheirt moltóir, bhí na tionscadail ar fad ar ard-chaighdeán agus bhí na  páistí tar éis obair iontach a dhéanamh. Bhí sé an-deacair orthu, tionscadal amháin a roghnú mar an bhuaiteoir. Ach, sheas ceann amháin amach dóibh – an tionscadail bunaithe ar Oíche Shamhna a bhí déanta ag Alex Ní Scanaill, Jenson Uptún, Lilly Áine Ní Sheibhleáin, Nathan Mac Thoirealaigh agus Marc Mac Conchoille. Seans gur thaithin na milseáin a thug an ghrúpa sin dúinn leis an bheirt moltóir! 🙂  Bhí ard-chaighdeán i gceist le gach tionscadal. Seo thuas cúpla grianghraif a ghlacadar ar lá an cur i láthair.

Comments are closed.
Working Hours

  • Monday9am - 6pm
  • Tuesday9am - 6pm
  • Wednesday9am - 6pm
  • Thursday9am - 6pm
  • Friday9am - 6pm
  • SaturdayClosed
  • SundayClosed
Teachers