oifig@scoiland.ie

01 840 9640

Draighneán, Bóthar Fhaol Droma, Sord, Co. Áth Cliath, K67V207

 

Judo Sa Halla !!!

A Chairde, táimid ar ais ar scoil le nachmór mí anuas. Bíonn an scoil seo fíor-ghnóthach i gconaí, ach inné don chéád uair riamh bhí taispeántas Judo againn sa halla!!!

 

Íontas na n-íontas, Judo sa hall ! Bhí an t-ádh dearg linn inné gur tháinig an Sesei Gabriel “Gabby” Kunda ar chuairt go Scoil an D. Is judoka, nó imreoir Judo mór le rá é Gabby agus tá sé in Éirinn toisc go bhfuil comórtas mór Judo ar siúl an deireadh seachtaine seo.

 

Ba léir ón dtaispeántas sa halla gur imreoir Judo de chaighdeán an-ard é Gabby agus bhí sé ag troid ar son Zambia, a thír dúchais ag comórtais idirnáisiúnta sa Seapáin. Cé go bhfuil sé fíorghnóthach ag ullmhú dá chomórtas, bhí sé sásta teacht chugainn anseo chun cúpla cleas a thaispeáint dúinn agus bhain an scoil ar fad an-taitneamh as!

 

Ar an gcéad dul síos, mhínigh Gabby dúinn go bhfuil tábhacht ar leith ag baint le “téamh suas” i ngach aon spórt, ionas nach ngortófar duine ar bith. Léirigh sé dúinn conas téamh suas a dhéanamh mar a dhéanann na himreoirí irnáisiúnta Judo. Roghnaigh sé meascán ó na ranganna óga agus ar aghaidh leo go tapaigh, timpeall agus timpeall na mataí i lár an halla.

 

Bhíomar ar fad ag éisteacht go géar leis an méid a bhí le rá ag Sensei (múinteoir Judo) Gabby. Mhúin sé dúinn go bhfuil ort foghlaim conas titim más mian leat a bheith i do judoka (imreoir judo). Má dhéanann tú i ceart na gluaiseachtaí seo, titfidh tú ach ní ghortóidh tú tú féin. Arís tháinig roinnt de na daltaí ar na mataí agus bhaineadar triall as na gluaiseachtaí seo. Ansin léirigh Gabby, le cúnamh ó Mhúinteoir Ciarán conas tú féin a chaitheamh go talamh ach gan tuirlingt ar do cheann. Tharraing Múinteoir Ciarán agus roinnt daltaí láidre cróga na cosa ó na mataí . Bang ! De bhuail Gabby an talamh ach suas leis arís go han-tapaigh, gan stró ar bith ar. Thit sé ar a bholg, agus ar a dhroim, agus ar chlé agus ar dheis agus ní chuir rud ar bith isteach ar an múinteoir Judo seo!

 

 

 

Bhí gach rud ag bogadh ar luas lasrach sa halla, agus bhí an slua ag béiceadh go h-ard. Bhogamar tríd na gluaiseachtaí éagsúla, le páistí ag baint triall astu. Faoin am seo bhí tuirse agus allas ag teacht ar Mhúinteoir Ciarán. Bhí Gabby á chaitheamh san aer uair i ndiaidh uaire. Agus tú ag imirt Judo ba cheart duit luas agus cothromaíocht a úsáíd chun do chéile comhraic a chaitheamh. Sa slí seo, bhí Gabby ag léiríu gur féidir leis an fear nó bean níos lú an lámh in uachtar a bheith acu toisc nach bhfuil siad ag braith ar neart amháin.

 

 

Ansin, thosnaigh an troid, nó “randori” mar a ghlaotar air sa Seapáin. Ar dtús bíonn ort meas a léiriú ar a chéile agus ansin déanann tú do sheacht ndícheall iad a chaitheamh go fíochmhar go talamh! Bhí an scoil ar fad seasta, ag bualadh bos, agus ag iarraidh Múinteoir Ciarán a spreagadh! B’fhéidir go raibh tuirse ar Gabby sa chéad bhabhta ón dturas fada a bhí aige go Scoil An Duinnínigh ó Zambia. Creid nó ná creid, ach d’éirigh le Múinteoir Ciarán an chéad phointe a bhaint amach.

 

 

Ach níor chabhraigh sé seo le cúrsaí, bhí fonn díoltais anois ar Gabby agus fearg ina shúile. Bhí eagla (agus allas) sna súile ag Múinteoir Ciarán! Ar aghaidh le Gabby agus le greim scórnaigh aige de chaith sé Múinteoir Ciarán go díon na scoile beagnach! An scór a bhí ann anois ná Éire a haon, agus Zambia a haon.

 

Bhí uair na cinniúna tagtha. Bhí Múinteoir Ciarán ag crith le heagla. Bhí fearg an domhain ar Gabby ! Bhí imní ar an slua go mbeadh múinteoir ag dul go dtí an oispideál seachas an seomra foirne! I gcaoch na súl bhí Múinteoir Ciarán ag casadh bun os cionn san aer! Go tobann bhí greim ag Sensei Gabby ar Mhúinteoir Ciarán agus bhí a phort seinnte. Gan trua nó trócaire ar bith de bhuaigh Gabby Kunda an chéad bhabhta idirnáisiúnta Judo i Scoil An Duinnínigh !

 

 

An scór a bhí ann ag an deireadh ná :

Éire: 1     Zambia:2

 

 

 

Thaithin an taispeántas linn ar fad sa scoil agus beidh cuimhne ag na daltaí go deo.Is cinnte gur máistear i mbun a ceirde é Sensei Gabby, ba mhaith linn moladh go hard na spéire a thabhairt dó ! Táimid ar fad fíor-bhuíoch le Sensei Gabby agus guimís gach rath air sa chomórtas mór a bheidh aige go luath.

 

 

 

Comments are closed.
Working Hours

  • Monday9am - 6pm
  • Tuesday9am - 6pm
  • Wednesday9am - 6pm
  • Thursday9am - 6pm
  • Friday9am - 6pm
  • SaturdayClosed
  • SundayClosed
Teachers