oifig@scoiland.ie

01 840 9640

Draighneán, Bóthar Fhaol Droma, Sord, Co. Áth Cliath, K67V207

 

Lá Den Scoth Ag Rang A Dó ! ! !

A Chairde, inniu ar an triú lá Márta bhí lá den chéd scoth ag gach uile páiste i Rang A Dó.

 

Táimid ag tosnú gach maidin le “Dúiseacht agus Gluaiseacht”, nuair a thagann na páistí ar scoil ar maidin déantar roinnt aclaíochta, nó rince, nó léimt fiú amháin.  Is breá linn seo ! Cuireann sé an corp ag bogadh agus an croí ag bualadh.

Beidh sé seo ar siúl againn gach lá an tseachtain seo mar chuid den bhfeachtas le bheith inár Scoil Ghníomhach!!

 

Tar éis dúinn roinnnt ama a chaitheamh sa seomra ranga ag obair agus ag scríobh, bhí sé in am dúinn dul amach go dtí an Clós Glas le haghaidh níos mó spóirt!! An uair seo bhíomar ag díriú isteach ar rith. Bhí raon reatha fada leagtha amach dúinn sa chlós ag múinteoir Mikey agus bhí orainn dul timpeall ar seo mar chuid de fhoireann. Theastaigh uainn dul timpeall an raon reatha seo minic go leoir le rá go raibheamar tar éis rith timpeall na hÉireann. Inniu tá dóthain reatha déanta ag Rang a Dó le rith go dtí an Ghealach !

 

 

 

 

 

 

Bhíomar fuar faoin am seo, agus beagáinín traochta agus d’imíomar ar ais chuig na seomraí ranganna chun roinnt lóin a itheadh chun fuinneamh a thabhairt dúinn.

Creid nó ná creid ach ní raibheamar ach leathslí tríd lá faoin am seo. Tar éis sos beag chuireamar orainn ár gcótaí arís agus ar aghaidh linn go dtí an séipéal. Lá mór a bhí ann dúínn inniu in ana chuid slite agus bhí An Chéád Fhaoistin á dhéanamh againn an tráthnóna seo ! Rinneamar ár bpaidreacha a chleachtadh, chrochamar ár bpictiúirí agus chanamar na hamhráin a bhífoghlamtha againn le déanaí.

Bhí na páistí ar fad deá-mhúinte sa séipéal, agus thuigeadar gur ócáid ar leith a bhí ann dóibh agus iad ag fás aníos. Chuir Múinteoirí Nóirín agus Niamh an-obair isteach chomh maith le ceol agus eagrúcháin. Rinne Máire ( cara mó leis an scoil ar fad ) éacht mar is gnáth. Tá orainn buíochas a ghabháil leis an t-Athair Michael chomh maith. Ach caithfear moladh ar leith a thabhairt do na daltaí óga ó Rang A Dó !

Maith sibh agus an Chéad Fhaoistín bainte amach agaibh! Ar aghaidh linn anois go dtí An Chéad Chomaoineach!!

 

Comments are closed.
Working Hours

  • Monday9am - 6pm
  • Tuesday9am - 6pm
  • Wednesday9am - 6pm
  • Thursday9am - 6pm
  • Friday9am - 6pm
  • SaturdayClosed
  • SundayClosed
Teachers