Lá Domhanda Um Leabhair 2024
Bhí an-spraoi againn sa scoil inniu ag ceiliúradh Lá Domhanda Um Leabhair 2024!!
Ghléasamar suas mar charaictéir ó leabhair eagsúla a thaitníonn linn agus bhíomar ag déanamh treodóireacht timpeall láithreán na scoile.
Rinne roinnt ranganna Tráth na gCeist agus d’fheach ranganna eile ar Jack and the Beanstalk.
Bhí Rang 5 and Rang 6 ag léamh leis na Naíonáin agus rinneadar leabharmharcanna deasa dóibh.
Leanaigí oraibh ag léamh!!
#bimagleamhgachla