oifig@scoiland.ie

01 840 9640

Draighneán, Bóthar Fhaol Droma, Sord, Co. Áth Cliath, K67V207

 

Mór-Thuairisc Peile 2022 !!!

A Chairde Gaeil, mar is eol daoibh bhí dhá fhoireann ón scoil ag imirt sna craobhacha le déanaí ! Tá tuairisc scríofa ag dalta ó Rang a Sé  dúinn ar fad agus tá neart pictiúir anseo againn freisin daoibh. Beidh bronnadh na mbonn againn an tseachtain seo agus beidh aoi mór le rá ag teacht go dtí halla na scoile ! 

 

 

 

Maidin Dhéardaoin a bhí ann. D’ith mé mo chuid leitin agus amach an doras liom. Ba lá mór a bhí ann an lá áirithe seo. . . Tháinig mé are scoil go luath ar maidin. Beagnach láithreach bhí daoine ag tabhairt amach na geansaithe peile do na buachaillí agus na cailíní.

 

 

Bhí péint adhaighe ag dul ar na haghaidheanna. Chuaigh an dhá fhoireann ar an gcéad bhus agus chuaigh na leantoirí agus an lucht féachana ar an mbus eile. Bhí orainn fanacht ar feadh píosa le haghaidh na scoileanna eile críochnú suas.

 

 

 

Bhí na buachaillí ag imirt ar dtús, d’imir said go hiontach. Fuair Hugo cúl iontach. Ag an deireadh bhí croí gach duine ina mbéil. Ag an deireadh níor chomharaigh an ref pointe a bhfuair ceann de na buachaillí. Ansin dúirt an dhá umpire agus an lucht féachanna go léir nach bhfuair Our Lady Of Victory  an pointe ach chuir an ref a lámh san aer agus chomharaigh sé é. Chuir an réiteoir críoch leis mar chomhscór agus bhí orthu é a athimirt an Chéadaoin dar gcionn. Bhí sé seo conspóideach go maith mar chríoch agus bhí an slua ar fad ag caint i measc a chéile. In ainneoin na conspóide, bhí sár-iarracht déanta ag na buachaillí agus chraitheadar lámha leis an bhfreasúra agus suas leo go dtí an ardán le féachaint ar an gcéad chluiche eile.

 

 

 

 

 

 

Ansin seal na gcailíní a bhí ann.  Bhí muid go leir ag rá ár bpaidreacha ionas nach mbeadh an ref sin againn!

Bhí an ref céanna againn an uair deireanach a d’imir muid in aghaidh St Molohas agus chaill muid. Ach buíochas le Dia, bhí ref eile againn.

 

Thosaigh muid amach go maith le Robyn ag fáil an chéad phointe den chluiche go luath san imirt. Fuair Ailbhe an chéad agus an t-aon chúl. Chuamar ó neart go neart’ gan ligint dóibh dul in aice nó isteach inár leath. Fuireamar a lán scóranna tar éis  sin.

 

 

 

Fuair Alana agus Erin pointí álainne. Tar eis an chéad leatha ní bhfuair an fhoireann eile aon scór agus bhí dóchas againn. Tháinig cúpla de na mná ionad ar an bpáirc agus chuir said go mór leis an gcluiche. Fuair an fhoireann eile dhá scóir sa dara leath ach bhí sé buaite againn.

 

Rith na hionadaithe ar an bpáirc ! Bhí Múinteoir Ciarán ag léim suas agus anuas cosúil leis an “Puc ar Buille”. Bhíomar go léir ag céiliúradh an bua stairiúl seo. Ritheamar go dtí an lucht féachanna. Chuir Megan an corn san aer. Chraitheamar lámha leis an bhfoireann eile agus rinneamar níos mó ceiliúradh. Chuaigh foireann na gcailiní agus foireann na mbuachaillí ar an mbus céanna. Thángamar abhaile go dtí an scoil ina raibh Mc Donalds ag fanacht ann dúinn.

 

 

Fuireamar happy meal agus deoch. Fuair rang a 5 go léir a chuaigh amach ag traenáil happy meal freisin. Chuamar suas go dtí an rang chun ár malaí a fháil.

 

 

Bhuaigh cailiní Scoil an Duinninigh an Fingal League 2022, bhí áthas an domhain orainn ar fad ag dul abhaile. Lá dár saol a bhí ann agus beidh cuimhne againn ar go deo !

 

 

 

Focal Scoir : Thaitin sé go mór le bainisteoirí na scoile a bheith ag obair le na foirne peile. Tá súil againn gur bhain sibhse an taitneamh céanna as a bheith ag imirt ! Bhuamar, chailleamar, bhíomar fliuch go craiceann ar laethanta geimhridh, fliuch le hallas ar laethanta samhraidh agus ag taisteal ar fud na cathrach ! Fuaireamar cártaí buí, cúil, cúilíní, ciceanna éirce agus fiú bhí grianghrafadóir dár gcuid féin againn ( go raibh maith agat ) ! Sin é don bhliain seo, go raibh maith agaibh, ta an scoil fíorbhródúil asaibh ar fad, tá na geansaithe nite agus crochta suas don chéad fheachtas eile ! ! ! 

Comments are closed.
Working Hours

  • Monday9am - 6pm
  • Tuesday9am - 6pm
  • Wednesday9am - 6pm
  • Thursday9am - 6pm
  • Friday9am - 6pm
  • SaturdayClosed
  • SundayClosed
Teachers