Is ceart iarracht a dhéanamh gearradh siar ar an méid bruscar atá á chur amach.
Tá 2 ghabhdán sa scoil:
Is ceart do na daltaí aon bhruscar a bhaineann leo féin a thabhairt abhaile leo.
Níl cead acu aon bhia nó cartain a chur sa bhruscar.
Bailitear aon ábhar gur féidir a athchúrsáil agus tugtar ag Ionad Athchúrsála an Inbhir é le cabhair na dTuismitheoirí.
Is scoil glas í Scoil an Duinnínigh.
Bronnadh an 1ú bhrat ar an scoil i 2005, an 2ú bhrat i 2008 agus an 3ú bhrat i 2010.
Tá Coiste Glas ar a bhfuil ionadaithe ó gach rang ó Rang 1 – 6 sa scoil.
Bíonn mír faoin scoil glas ar an gclár do chruinnithe foirne agus déantar é a phlé ag an tionól scoile.