oifig@scoiland.ie

01 840 9640

Draighneán, Bóthar Fhaol Droma, Sord, Co. Áth Cliath, K67V207

 

Rith Tóirse na gCluichí Oilimpeacha Speisialta

Mar chuid de chluichí 2018, bhí Scoil an Duinnínigh páirteach i 

Rith Tóirse na gCluichí Oilimpeacha Speisialta

ar an gCéadaoin 13 Meitheamh, @12 meánlae i gclós na scoile.

Bhí aimisir bhreá ann ar an lá buíochas le Dia. Thugamar cuireadh do thuismitheoirí bheith páirteach ag an ocáid chun tacaíocht a thabhairt don RITH freisin agus an-áthas orainn a fheiceáil gur tháinig slua mór ar an lá don ocáid speisialta seo. Bhí tóirsí ealaíne déanta ag páistí Rang 6 do gach uile páiste sa scoil. Faraor, chaill Rang 6 amach ar an lá mar bhí said thiar i nDelphi ar thuras scoile.

Chanamar amhrán speisialta a chum Múinteoir Maria & Príomhoide Nóirín freisin:

Lig dom bheith cróga

Cabhraigh leis an dúshlán

Níl éinne cosúil liomsa

I m’aonar seasaim go hard

Ag rith ar nós na gaoithe

Táim ullamh ‘s táim réidh

OOOOH 

Lig dom buachaint a chairde Gael

‘S mura n-éiríonn liom bíodh sin gan baol

Lig dom chroí bheith cróga tríd

‘gus mo chairde dhil ar mo thaobh

Dhear ár rúnaí Karen bratach álainn don lá agus chabhraigh na páistí lei chun í a phéinteáil. Bhí an manna scríofa go soiléir air:

Lig dom buachaint ‘s mura n-éiríonn liom, lig dom bheith bródúil as m’iarracht.

 

 

Bhí spiorad bhreá le mothú agus chuile dhuine sona sásta. Bhí ceiliúradh bhreá againn tar éis an searmannas le huachtar reoite do na páistí agus cístí deasa do na tuismitheoirí a bhí ann!

 

Comhghairdeas le Rang 2 a bhailigh €1700 le Skipathon ranga do Chluichí Oilimpeacha Speisialta Éire mar chuid don ullmhúchán don Chéad Chomaoineach.

The children in Rang 2 organised a skipathon to raise funds for the Special Olympics Programme. An incredible €15,000 was raised by all schools involved which included a whopping €1700 raised by our children here in Rang 2 Scoil an Duinnínigh.

 

Táimid an-bhródúil go deo as a bheith páirteach san ocáid seo.

 

Comments are closed.
Working Hours

  • Monday9am - 6pm
  • Tuesday9am - 6pm
  • Wednesday9am - 6pm
  • Thursday9am - 6pm
  • Friday9am - 6pm
  • SaturdayClosed
  • SundayClosed
Teachers