oifig@scoiland.ie

01 840 9640

Draighneán, Bóthar Fhaol Droma, Sord, Co. Áth Cliath, K67V207

 

Seachtain Ghníomhach 2023 – An Déardaoin 27.04.2023

Thosaigh maidin Déardaoin le Dúiseacht le Gluaiseacht. Bhí sé fuar taobh amuigh ach tar éis cúpla nóiméad bhí téamhú suas déanta ag na páistí agus bhíodar réidh le bheith ag gluaiseacht!

Bhí Rang 3-6 ag obair le pairtnéir agus iad ag tabhairt faoi na gcleachtaí. Bhí spraoi acu le seo.

 

Inniu d’fhéachamar ar cluichí húlahúp, cluichí scipeála agus roinnt cluichí le na bandaí leaisteach. Smaoinigh na múinteoirí ar fad siar chuig dá laethanta scoile féin agus na rannta scipeála á dhéanamh acu ar an gclos.

  

    

Leanamar ar aghaidh le Rith Timpeall na hEorpa – tá gach rang ag déanamh an-iarracht le seo. Féach ar Rang a hAon ag rith!! N’fheadar cá háit san Eoraip a bhfuilimid anois!!           

 

Comments are closed.
Working Hours

  • Monday9am - 6pm
  • Tuesday9am - 6pm
  • Wednesday9am - 6pm
  • Thursday9am - 6pm
  • Friday9am - 6pm
  • SaturdayClosed
  • SundayClosed
Teachers