oifig@scoiland.ie

01 840 9640

Draighneán, Bóthar Fhaol Droma, Sord, Co. Áth Cliath, K67V207

 

Seachtain Ghníomhach 2023 – An Mháirt 25.04.2023

Bhí athrú mór ar an aimsir inniu buíochas le Dia. Chuir Múinteoir Ciarán tús breá spraíúil leis an lá agus spreag sé na páistí ar fad ó Rang Naíonáin go Rang a Dó a bheith ag gluaiseacht amuigh ar an gclos. Bhí cluichí eagraithe aige dóibh agus bhaineadar (agus na múinteoirí) tairbhe astu. Bhíodar lán de fhuinneamh ag 9:20 ar maidin.

   

Ina dhiaidh sin bhí seans ag Rang a 3-6 Dúiseacht le Gluaiseacht a dhéanamh le Ciarán. Mhínigh sé na cluichí dóibh ar fad agus bhriseadar suas sna grupaí. Ní hamháin na páistí a bhí gníomhach anseo, bhí Múinteoir Nicolás agus Brian sona sásta ag imirt chomh maith!!

   

Nuair an bhí an scoil ar fad lán de fhuinneamh chuireamar tús leis an lá scoile agus lá eile spóirt! Inniu leanamar ar aghaidh leis an Rith Timpeall na hEorpa.

Bhí cluichí ar nós A Ríon I O, Pasáil agus Gabháil, Seilbh a Choinneáil agus Seachain á imirt againn tríd na scoile. Bhí sé mar sprioc againn inniu diriú  isteach ar cluichí le liathróid.

     

Leanamar ar aghaidh le sosanna ghníomhach sa rang chomh maith agus bhain páistí Rang a hAon an-sult as an 10@10!!

Bhí obair bhaile ghníomhach ag na páistí Scoil an Duinnínigh arís inniu agus níor tháinig gearán ar bith uathu.

Bhí roinnt ceaisteanna acu faoi cad a mbeidh idir lámha acu amárach… beidh orthu fanacht ach táímid cinnte go mbainfidh siad sult as!!!

Comments are closed.
Working Hours

  • Monday9am - 6pm
  • Tuesday9am - 6pm
  • Wednesday9am - 6pm
  • Thursday9am - 6pm
  • Friday9am - 6pm
  • SaturdayClosed
  • SundayClosed
Teachers