oifig@scoiland.ie

01 840 9640

Draighneán, Bóthar Fhaol Droma, Sord, Co. Áth Cliath, K67V207

 

Seachtain Ghníomhach 2023 – An Aoine 28.04.2023

Bhí an Aoine lán de himeachtaí agus gníomhachtaí timpeall Scoil an Duinnínigh ar maidin!

Tá feachtas curtha i bhfeidhm ag Comhairle Contae Fhine Gall – Aoine an Aéir Úir agus tá áthas orainn a bheith páirteach ann. Scríobh Príomhoide Nóirín litir ag mhiniú do na tuismitheoirí agus d’iarr sí ar na páistí siúl, rothaíocht nó scútáil ar scoil. Caithfimid a rá gur thapaigh na páistí an deis aeir úir a fháil ar maidin agus tháinig slua dóibh ag siúl, ar rothar nó ar scútar.

    

     

D’eagraigh Múinteoir Sorcha cluiche haca páistí Rang a Sé i gcoinne na Múinteoirí. Thug sí na foirne do na páistí agus bhíomar réidh le tosú ag 10:30.

Bhí cuma thar a bheith muiníneach ar na páistí!!

 

       

 

Ach…….Bhí an bua ag na múinteoirí!!!! (Bhíomar ag traenáil go dian i ndiaidh na scoile gach lá)!!!

Lean Rang a 2 agus 3 ar aghaidh le ranganna Ióga le Ciarán ó Óga Yoga. Cinnte tá siad dírithe isteach ar na staidiúir Ióga go léir.

Inniu bhí na ranganna ar fad ag féachaint ar druileanna haca le linn an rang Corpoideachas. Chabhraigh páistí ón gCoiste Spóirt leo an cúrsa constaicí a eagrú.

Ag meán lae inniu bhí an ghníomhacht ilscoile againn. Rinneamar Ruathar Aonair Scoile Ionána gan stad!! Is dóigh liom go mbeidh roinnt páistí Scoil an Duinnínigh ar fhoireann Baile Átha Cliath go luath! Beidh lá amuigh againn ag breathnú orthu i bPáirc an Chrócaigh!

     

Ar bharr gach rud eile bhí Lá Geansaí Spóirt againn ar scoil inniu!!

Comments are closed.
Working Hours

  • Monday9am - 6pm
  • Tuesday9am - 6pm
  • Wednesday9am - 6pm
  • Thursday9am - 6pm
  • Friday9am - 6pm
  • SaturdayClosed
  • SundayClosed
Teachers