Cleachtadh a dhéanann máistreacht, agus is fíor le rá go bhfuil máistrí na dramaíochta i Scoil an Duinnínigh!
D’oibrigh na páistí i Rang 1, Rang 4 agus Rang 5 go han-dian chun ‘Peadar agus na Piongainí’, ‘Asarlaí Oz’ agus ‘Cumhacht an Ghrá’ a chur ar stáitse don Fhéile Scoil Drámaíochta, agus d’éirigh leis an trí dráma dul ar aghaidh go dtí an Féile Laighean in An Muileann gCearr. Bhí an trí dráma thar barr!
Bhí an scoil ar fad ar bís nuair a d’éirigh le Rang 4 agus Rang 5 Féile Náisiúnta na hÉireann a shroicheadh. Bhí lá iontach againn in Áras na nEalaíon in An Muileann gCearr.
Bhí dea-thoradh ar an obair chrua agus ainmníodh Scoil an Duinnínigh mar ‘An Ghaelscoil is Fearr’ san Fhéile Scoil Drámaíochta.
B’iontach an taithí do ‘chuile dhuine a bhí bainteach leis na drámaí. Scoil an D abú!!