Thosaigh ‘Mouse’ ón gcomhlacht OWLS linn an mhí seo i rang a 4. Is carthanacht dúlra do pháistí í OWLS, atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath. Tagann ‘Mouse’ isteach uair sa mhí chun ceachtanna dúlra a dhéanamh linn. Bhíomar ag foghlaim faoi na crainn agus na héin timpeall na scoile an mhí seo.




