A Chairde, seo tuairisc daoibh ó Rang A Cúig chun sibh a choiméad ar an eolas faoin bhfoghlaim agus an spraoi ar fad a bhíonn ag an Rang !
Ar an gcéad dul síos tá gach uile páiste ag obair go dian, agus ag baint taitneamh agus tairbhe as a gcuid ama ar scoil. Bhaineamar taitneamh ar leith as na ceachtanna rothaíochta a bhí againn an téarma seo caite. Bhíomar ag obair le Bike School a tháinig go dtí an Scoil le veain lán de rothair, agus bhí sé go hálainn ar fad a bheith gníomhach, amuigh san aer úr, ag piocadh suas deá-nósanna dár saol. Chun blasadh ceart a thabhairt daoibh de seo, féachaigí ar na pictiúir anseo. Tá súil ag an rang leanúint leis an rothaíocht !
Le déanaí bhí Seachtain na hEolaíochta faoi lán seoil ar fud na tíre agus is mar sin a bhí i Rang a Cúig chomh maith ! An bhfuil a fhios agat a léitheoir, cén fáth go bhfuil an spéir gorm ? Tá a fhios ag Rang a 5 – cur ceist orthu agus cuirfidh siad ar an eolas thú ! Ar bharr sin bhíomar ag foghlaim faoi inslitheoirí agus an tionchar a bhíonn ag ábhar éagsúla ar éalúagus caomhnú teasa. Cloistear caint faoi seo go minic agus daoine ag caint faoi tithe, agus BER ratings agus SEAI Grants. . . Ach rinne Rang a 5 scrúdú ar inslitheoirí ag baint úsaid as uachtar reoite ! Rinne muid iarracht féachaint an raibheamar in ánn uachtar reoite a choiméad fuar ag úsáid gnáth ábhar sa rang mar inslitheoirí. D’éirigh go maith linn, ach uaireanta seans go raibh na páistí dírithe ar uachtar reoite a bhlasadh seachas dian-staidéar.
Agus ní heá sin deireadh leis an méad a bhí ar siúl againn ! Bhíomar ag foghlaim faoin bhfórsa “Frithchuimilt” – seo fórsa a chuireann bac ar dhá dhromcla sleamhnú ar a chéile. Is féidir an fórsa seo a athaint sa saol trí do mhúinteoir a tharraingt trasna an úrláir sa halla ! Ní éireodh leat seo a dhéanamh ar an gclós dubh ach d’éirigh linn sa halla toisc go bhfuil an talamh go deas mín réidh ann. Chonaiceamar an cumhacht atá ag an bhfithchuimilt nuair a nascanna ár leabhair le chéile leathanach ar leathanach. Bain trial as seo sa bhaile agus féach an féidir leat an dhá leabhar a scarúint !
Mar fhocail scoir, seo World Exclusive den rang agus iad amuigh ag rothaíocht, go cúramach, ar na bóithre timpeall na scoile.
































