Chuaigh Rang a Ceathair ar thuras go Brú na Bóinne inné. Bhíomar ag súil go mór leis an turas tar éis an oiread sin oibre a dhéanamh ag foghlaim faoi Shí an Bhrú agus faoi na chéad fheirmeoirí in Éirinn timpeall 5,200 bliain ó shin. Cé go raibh sé fliuch báite ar an lá, bhain na páistí an-sult as an turas.





