oifig@scoiland.ie

01 840 9640

Draighneán, Bóthar Fhaol Droma, Sord, Co. Áth Cliath, K67V207

 

Ag Teacht Go Luath : Peil ar Scoil ! ! !

A Chairde,

 

Tá déa scéal againn don scoil ar fad ! Tar éis tréimhse fada tá foirne peile ag teacht ar ais arís ! Beidh foireann shinsear againn do na buachaillí agus do na cailíní !

 

Tá suim léirithe ag a lán páistí thuas staighre sna hardranganna, agus deirtear liom go bhfuil an-cuid cleachtadh ar súil sna gairdíní cúil timpeall na scoile.

 

Beidh na múinteoirí ag ní na geansaithe, agus ag séideadh aer isteach sna liathróidí. Beidh traenáil ar siúl i rith am scoile dhá uaire in aghaidh na seachtaine . Má theastaíonn uait páirt a ghlacadh beidh ort bróga peile, cosainteoir drandail, agus do bhuidéal uisce féin a bheith agat. Nuair a bhíonn cluichí againn, beidh cluiche amháin agus babhta traenála amhain agat in aghaidh na seachtaine ! !

 

An bhfuilimid chun dul chomh fada leis an gcraobh ? Neosfaidh an aimsir, ach is cinnte go mbainfidh gach uile duine taitneamh as deis dul amach ag imirt lenár gcairde agus geansaithe na scoile orainn ar fad ! Tar éis neart ama gan spórt oifigiúl ar scoil is breá an rud le rá é go bhfuil peil ag filleadh go Scoil an D ! ! !

 

 

Na himreoirí móra le rá a bhíonn ag imirt i bPairc An Chrócaigh, nó ar an teilifís, thosnaigh siad amach ina scoileanna féin fadó fadó ! An bhfuil cúpla réalt nua inár measc anseo ar scoil ? Freisin beidh roinnt bainisteoirí nua ann i mbliana ag cabhrú linn, agus táimid an-bhuíoch dóibh siúd ar fad a chabhraíonn linn dul amach ar an bpáirc peile ar son na scoile ! ! !

 

Maith sibh a pháistí, beirigí bua agus bígí ag cleachtadh !

 

Níos mó sonraí ag teacht go luath  ! ! ! 

 

Comments are closed.
Working Hours

  • Monday9am - 6pm
  • Tuesday9am - 6pm
  • Wednesday9am - 6pm
  • Thursday9am - 6pm
  • Friday9am - 6pm
  • SaturdayClosed
  • SundayClosed
Teachers