oifig@scoiland.ie

01 840 9640

Draighneán, Bóthar Fhaol Droma, Sord, Co. Áth Cliath, K67V207

 

Agallamh le Paul Flynn!!!

Tháinig Paul Flynn go Rang A Cúig le déanaí! Bhí sé sásta dul faoi agallamh agus roinnt ceisteanna a fhreagairt. Éistigí leis !

 

A Chairde Gaeil, tá an t-ádh linn i Scoil An D go bhfuil sár-dáltaí againn agus i rith na seachtaine seo tháinig Pól Ó Floinn ( Paul Flynn) chun cainte le Rang A Cúig. Tá Paul íontach gnóthach agus an craobh mór peile ag teacht inár dtreo go tapaigh ach bhí sé lán sásta cúpla ceist a fhreagairt ón iriseoir óg Aodh Ó Conchubhair.

 

“Is breá liom Scoil An D”

Níl an t-agallamh seo le fáilt ar Newstalk nó RTÉ nó Raidió Na Gaeltachta fiú amháin agus coiméadaigí súil ar an suíomh seo an tseachtain seo chugainn . Beidh scéalta móra ón gceiliúradh á phlé againn.

Chun cluas éisteachta a thabhairt don phíosa cainte seo cliceáil ar chlé ar an mbarra fuaime agus ansin tabhair clic eile san áit chéanna.

 

 

Is cúis áthais dúinn é chomh maith go bhfuil taifead againn de Sam Oragano. Óráid atá aige go mbeadh sé sásta a thabhairt dá mbeadh sé mar chaptaen an chontae. Is fiú go mór éisteacht leis an mír spleodrach seo. Má tá Stephen Cluxton ag féachaint ar shuíomh na scoile is cinnte go mbeidh sé ag foghlaim cúpla rud ó dhaltaí Rang a Cúig!

 

 

 

Is cinnte go bhfuil iriseoirí agus aisteoirí ógá den chéad scoth ag obair go dian sa rang againn. Maith sibh Aodh, Sam agus Pól Ó Floinn! Tá roinnt daoine ag rá go bhfuil guth Paul Flynn cosúil le guth Phiarais Uí Dhonnchú ach níl ansin ach chomhtharlú!

 

 

Comments are closed.
Working Hours

  • Monday9am - 6pm
  • Tuesday9am - 6pm
  • Wednesday9am - 6pm
  • Thursday9am - 6pm
  • Friday9am - 6pm
  • SaturdayClosed
  • SundayClosed
Teachers