oifig@scoiland.ie

01 840 9640

Draighneán, Bóthar Fhaol Droma, Sord, Co. Áth Cliath, K67V207

 

An Raidió i Scoil An Duinnínigh!!!

Beidh páistí ón scoil seo ar an Raidió !!!

DSC07019

 

A chairde, dea scéal eile ag teacht chugaibh ó Scoil an Duinnínigh, an scoil is fearr sa tír. Táimid i lár Seachtain Na Gaeilge agus tá gach aon rang fíorghnóthach ag caint, ag foghlaim agus ag spraoi agus iad ag caint na Gaeilge.Ar an Máirt tháinig cúairteoir ón stáisiún raidió “Raidió na Life” chun na scoile le taifead a dhéanamh ar na páistí.

Rang A Dó

Ag Caint ar an Raidió!

Chuala an stáisiún go raibh an-chuid rudaí ar bun sa scoil an tseachtain seo, drámaí íontacha, seanfhocail á fhoghlaim againn, céilí mór sa halla agus i bhfad níos mó. . . Bhí orthu teacht anseo le breis eolais a fháil! Thug na páistí cúnamh dóibh an clár a eagrú . . .

 

 

Bhí deis ag na páistí agallaimh a dhéanamh lena chéile, amhráin a chanadh agus a gcuid uirlisí ceoil a sheinnt. Ón méid a bhí le cloisint sna seomraí ranga is cinnte go bhfuil cúpla réalt óg nua inár measc.

Ceol Gaelach!

 

Nach bhfuil an t-ádh linn gur féidir linn éisteacht le cúpla píosa cainte ach níl anseo ach blasadh beag den méid atá le cloisint sa scoil seo gach aon lá.

Cruinniú don Raidió!

Beatha teanga í a labhairt deirtear agus is cinnte go bhfuil ár dteanga i mbarr sláinte anseo, más mian libh éisteacht leis an gclár iomlán beidh breis sonraí ag teacht go luath. . . Idir seo agus sin leanaigí oraibh ag baint sult agus tairbhe as imeachtaí “Seachtain Na Gaeilge”!

 

Nóta Brollaigh – Is é Lúc Ó Gamhna ó Rang A 3 an griangrafadóir oifigiúil a bhí againn!

Comments are closed.
Working Hours

  • Monday9am - 6pm
  • Tuesday9am - 6pm
  • Wednesday9am - 6pm
  • Thursday9am - 6pm
  • Friday9am - 6pm
  • SaturdayClosed
  • SundayClosed
Teachers