oifig@scoiland.ie

01 840 9640

Draighneán, Bóthar Fhaol Droma, Sord, Co. Áth Cliath, K67V207

 

Beannachtaí na Cásca!

Go raibh Cáisc mhór mhaith agaibh uile a chairde.

Am ar leith é seo le bheith ag machnamh ar an am atá thart ach freisin le bheith ag beartú don todhchaí. Tréimhse chorraitheach agus spioradálta atá ann chomh maith le greann agus spraoi i gcónaí ina measc.

Bhí lá iontach spraíúil i Scoil an Duinnínigh inniu. Bhí cuairt an-speisialta againn go deo ó Coinín na Cásca – coinín atá Gaelach & Bródúil faoi freisin!

D’imigh sé timpeall na ranganna le cabhair ó Iarscoláirí na scoile a bhíonn linn gach Aoine agus iad i mbun taithí oibre! Ár mbuíochas leo. Dháil siad amach na huibheacha cásca a thug an coinín leis do chuile dhuine sa scoil!  WOW! UBH CÁSCA DO GACH UILE PÁISTE, MÚINTEOIR, CÚNTÓIR, AN PRÍOMHOIDE, KAREN & MÁIRE SA LEABHARLANN!

Bhí sé an-fhlaithiúil linn go deo!!

 

Bhí 2 ubh mór le buachan i ngach seomra ranga freisin – an t-ádh dearg le buachaill & cailín amháin ó gach rang nuair a tháinig a dticéad amach sa chrannchur!

 

Bhí orainn slán a fhágáil ansin leis an gCoinín faraor ach le cúnamh Dé, fillfidh sé orainn arís an bhliain seo chugainn. 🙂

Comments are closed.
Working Hours

  • Monday9am - 6pm
  • Tuesday9am - 6pm
  • Wednesday9am - 6pm
  • Thursday9am - 6pm
  • Friday9am - 6pm
  • SaturdayClosed
  • SundayClosed
Teachers