oifig@scoiland.ie

01 840 9640

Draighneán, Bóthar Fhaol Droma, Sord, Co. Áth Cliath, K67V207

 

Bratach Na Poblachta ! Forógra Na Cásca !

A Chairde Gaeil, bhí an-lá ar fad againn  ar scoil ar maidin. Bhí cúairt againn ón tArm. Thánadar le bratach nua a bhronnadh orainn , le cóip de Fhorógra na Cásca a thabhairt dúinn agus chun cabhrú linn tús a chuir lenár bhfeachtas chun commóradh a dhéanamh ar Éirí Amach na Cásca nachmór céad bliain ó shin!

 

Saighdiúr Sa Scoil!!!

Saighdiúr Sa Scoil!!!

 

Is cinnte go raibh an halla lán go béal agus bhí na múinteoirí agus na daltaí ar bís. Agus na hOifigí Airm a teacht isteach sa halla tugadh fáilte den scoth dóibh agus bhí tús curtha leis an ócáid!

 

Ón stáitse labhair na hOifigí linn ag tabhairt eolais dúinn faoin mBratach Náisiúnta agus faoin bhForfhógra. Bhí an slua ag éisteach go géar leo agus bhí freagraí bréatha ag daltaí na scoile ar na ceisteanna a bhí acu dúinn. Tá saineolaithe sa scoil seo sna hArd Ranganna agus léirigh siad go dtuigeann siad cathain na focail uaine agus flannbhuí a úsáid. . .

 

 

Ar aghaidh le na himeachtaí go tapaigh agus leabhar an Leifteanant Ó Beolláin linn agus léigh sé amach go hard Fhorógra na Cásca. Thug roinnt dár ndaltaí cúnamh dó leis an gceathrú alt, agus dheineadar gaisce ! Chuala gach duine a bhí sa halla gach focal go breá soiléir. Tá moladh mór tuillte ag gach aon duine a bhí ag óráidíocht os comhair na scoile. Maith sibh!

 

Glaodh amach ainm gach duine de Seachtar na Cásca – Tómás Ó Cléirigh, Seán Mac Diarmada, Tomás Mac Donnchadh, Pádraig Mac Piarais, Éamaonn Ceannt, Séamus Ó Conghaile, Ióseph Pluingcéad agus táining bualadh bos ón halla.

 

 

Ansin bhí sé mar onór ag beirt, an dalta is sinne sa scoil agus an dalta is óige (ó na N. Bheaga agus Rang a Sé, dár ndóigh) seasamh ar an stáitse leis an tArm agus glacadh leis an mBrathach agus leis an bhFhorógra. Beidh an bratach á chrochadh againn le teacht na Cásca, agus déanfaidh gach tír sa scoil bratach a ardú ar an lá céanna chun commóradh a dhéanamh ar an Éirí Amach. Beidh ár bhFhorógra le feisicint sa scoil más mian le duine ar bith teacht agus é a léamh, tá míle fáilte rompu!

 

 

 

 

 

Ansin de bhí sé in am dúinne cúpla ceist a chuir ar an tArm! Bheir neart páistí greim ar an mícreafón agus ceistíodh go dian na hOifigí Airm faoin Éirí Amach, faoin saighdiúireacht agus labhair ár bpáistí amach go hard agus d’éisteamar go béasach le na freagraí ón Arm.

 

Bhí sé in am dúinn slán a rá leis an tArm. Tá siad fíórghnóthach mar tá orthu dul go gach scoil sa tír! Ach sarra d’fhágadar sheas gach duine sa halla go díreach agus gach páiste ‘s múínteoir in ard a ghutha, chanamar Amhrán Na bhFiann.

 

Ba mhaith le Scoil an Duinínnigh ár mbuíochas a ghabháil leis an tArm a tháining ar chúairt, leis na múinteoirí a chinntigh go raibh gach rud in ord agus in eagar ar maidin agus ná dearmad na daltaí. Gach duine a bhí ag léamh, ag caint agus ag canadh, bhíodar ar fad tharr barr! Ní fada uainn anois mór-imeachtaí na Cásca, tá bratach nua againn, tá forfhógra mór nua againn agus tá tuiscint againn ar an dtábhacht a bhaineann le hÉirí Amach na Cásca!!!

 

 

 

 

 

Comments are closed.
Working Hours

  • Monday9am - 6pm
  • Tuesday9am - 6pm
  • Wednesday9am - 6pm
  • Thursday9am - 6pm
  • Friday9am - 6pm
  • SaturdayClosed
  • SundayClosed
Teachers