oifig@scoiland.ie

01 840 9640

Draighneán, Bóthar Fhaol Droma, Sord, Co. Áth Cliath, K67V207

 

Bua Mór ag Foireann Iomána Na Scoile!!

Inné, i bpáirceanna imeartha Naomh Mearnóg, don chéad uair le fada fada an lá anuas bhí foireann ó Scoil An Duinnínigh ag imirt i gComórtas Sinsear Iomána. Níos fearr ná sin d’éirgh leo bua cáiliúil a bhaint amach sa chluiche seo agus tá siad cheanna féin ag smaoineamh faoin gcéad chluiche eile, a bheidh againn tar éis na Cásca!

 

Scoil An Duinnínigh 0 – 5

St. Marnock’s             0 – 3

6/4/2017, CLG Naomh Mearnóg, Réiteoir – Danny Harrington

 

 

Tráthnóna breá a bhí ann ar an 6ú lá Aibreáin 2017. Ní cuimhin le mórán múinteoirí sa scoil fiú an uair dheirneach go raibh foireann shinsear iomána againn sa scoil . Tá ort dul níos faide siar ná sin fiú más mian leat trácht a dhéanamh ar an uair dheirneach go raibh bua againn. . .

 

Tháinig athrú ar an scéal sin inné ! Chun na fírinne a rá thuigeamar ón dtús go raibh dúshlán mór amach romhainn ach, in am an ghátair, sheas buachaillí na scoile an fód go cróga.

Is lá do na cosainteoirí a bhí ann inné agus tar éis don réiteoir idir chontae an liathróid a chaitheamh isteach thóg sé tamall ar an ndá fhoireann tús ceart a chuir leis an gcluiche. Is dócha go raibh an t-ádh linn go raibh na cosainteoirí sna cúinní againn ag faire go géar ar chúrsaí, mar nuair a sheoil St. Marnock’s roinnt liathróidí arda isteach i dtreo an chúil léim Seán Ó Muinneog agus Sam Oragano amach go cróga chun an sliotar a ghlanadh amach aríst!

 

Bhíomar faoi bhrú ar faidh tréimhsí fada den chéad leath agus murach gur tháinig Sam Oragano amach ón gcúinne leis na cosadh in airde, chun ár gcúl a chosaint, agus cúpla imreoir ó St. Marnock’s a leagadh go talamh, is cinnte go mbeadh cúpla scór géillte againn.

Uair ar bith gur éirigh linn an liatróid a sheoladh suas na páirce bhí na tosaithe ag troid go tréan agus go fíochmhar. B’fhéidir go raibh níos mó taithí ag St. Marnock’s ach ba léir don slua mór ar an dtaobhlíne nach raibh aon easpa muiníne orainne. I gcroí-lár an aonaigh bhí Aaron Ó Gríffín agus Jack Ó Caollaí agus chinntigh a n-iarrachtaí go raibh buachaillí St. Marnock’s faoi bhrú nuair a bhí seilbh acu ar an sliotar acu.

Bhíomar ag braith go mór ar ár leath líne cosainte, cé nach raibh dalta ar bith ó Rang a Sé againn sa líne seo. Léirigh Conall Ó Raghallaigh go bhfuil croí mar leon aige,agus d’ardaigh Christian Ó Muilleoir agus Piaras Ó Donnchú an léagair dúinn uair i ndiaidh uaire, ag tabhairt faoiseamh don fhoireann ar fad!

I lár na páirce níor tháinig tuirse ar bith ar Jonny Ó Miadaigh, a bhí ag bogadh suas agus anuas agus anonn agus anall chun cabhrú linn pé áit ina raibh gá leis.

In ainneoin iarrachtaí St. Marnock’s, d’éirigh linn dul ar chúpla íonsaí sa chéád leath, agus bhí an mí-ádh ceart ar ár bhfear lár páirce, Darach Ó Géibheanaigh gur bhuail sé an posta faoi dhó, tar éis dó spás agus roinnt ama a aimsiú dó féin agus muid ar an bhfrithionsaí. Sheoil Zach Ó Donnaláin iarracht láidir cúpla orlach ar dheis tar éis dó tarraingt go láidir ar an sliotar agus é ar an talamh. . . Cé go raibh fathach seasta taobh leis bhí an-obair ar bun ag Aodh Ó Connchubhair ar imeall na cearnóige bige, agus neart cúnaimh aige ó bheirt ó Rang a 4 , Ché Mac Cathmhaoil agus Cillian Anderson.

 

 

Buíochas le Piaras Ó Donnchú bhíomar chun tosaigh ag leath ama, dhá phointe againne agus gan ach ceann amháin ag St. Marnock’s. Ghlacamar ar fad cúpla braon uisce mar thuigeamar go maith go mbeadh an dara leath níos deacra fós.  Shéid an réteoir a fheadóg, agus amach linn aríst, an ghaoth inár seolta an uair seo.

Is dócha gur tháínig tuirse ar roinnt de na laichraí a bhí againn sa chéad leath agus tháinig neart fir ionaid isteach sa chluiche. Bhí tionchur láithreach ag Conor Mac Mathúna ar chúsaí nuair a rug sé faoi dhó ar an sliotar go hard san aer, agus ansin, gan stopadh nó tuirlingt fiú, de ghlan sé timpeall ochtó slat iad! Faoin am seo bhí Eoghan Ó hEathrain ar an bpáirc chomh maith agus níor éirigh le duine ar bith dul tharais.

 

Go fóil bhí an lámh in uachtar ag na cosainteoirí ón ndá scoil , ach diaidh ar ndiadh, bhí dul chun cinn á dhéanamh againn. D’éirigh le Jonny agus Jack, agus Piaras agus Darach cúpla bloc tábhachtach a dhéanamh dúinn agus bhí cuma dáinséireach ar Aodh, James Mac Eochaidh agus Fionn Ó Beolláin a bhí sna tosaithe faoin am seo.

Agus ár rás nachmór rithe bhuaill tubaist sinn , agus d’aimsigh St. Marnock’s cúilín breá ó phuc saor a bhí an-fhada amach. Bhí an cuma orthu go raibheadar chun an lá a thabhairt leo. Ní mar a shíltear , bítear. Chas an taoide agus bhí críoch an láidir againn sa chluiche. Le Dean Ó Brádaigh agus Marc Mac An Choille ag úsáid a chuid luais bheireamar greim scrogaill ar an gcluiche.

 

 

Chun tús a chuir le seo, rug Aodh greim ar liathróid fhada isteach chuige . Chas sé go tapaigh agus scaoill sé iarracht a d’imigh díreach os cionn an trasnaín. Orlach níos ísle agus bheadh cúl aige, bhí an cúlbáire fós ina sheasamh gan bogadh.

Ar chúl tháinig Alex an tSneachta amach chun cabhrú leis na cosainteoirí a bhí ag seasamh sa bhearna baoill, Alex Ó Donnaláin ach go háirithe agus níor aimsigh St. Marnock’s scór ar bith eile sa chluiche.

Níor stop Jonny Ó Miadaigh an giorria gasta ag rith riamh agus mheall sé cúpla puc saor don fhoireann agus threoirigh Piaras Ó Donnchú tharr an trasán iad.

 

 

Ag deireadh an lae bhí an bua againn ! Creid nó ná creid ach b’é sin an chéad uair le níos mó ná 20 blian go raibh foireann shinsear ón scoil sa Sraith Chomórtas againn. Ár mbuíochas leis na tuismitheoirí ar fad a bhí sásta teacht agus cúnamh agus síobanna a thabhairt dúinn. Ár mbuíochas chomh maith le St. Marnock’s, ní raibh eadrainn ach cúpla scór agus is cinntego mbeidh lá eile ag an bPaorach. Ach ar aghaidh linn go dtín dara cluiche! Maith sibh a bhuachaillí ar fad!

 

Laoch An Chluiche: Aodh, Rang a Cúig

Comments are closed.
Working Hours

  • Monday9am - 6pm
  • Tuesday9am - 6pm
  • Wednesday9am - 6pm
  • Thursday9am - 6pm
  • Friday9am - 6pm
  • SaturdayClosed
  • SundayClosed
Teachers