oifig@scoiland.ie

01 840 9640

Draighneán, Bóthar Fhaol Droma, Sord, Co. Áth Cliath, K67V207

 

Cairde Na Coille!!!

A chairde, leanann páistí Rang a 3 ar aghaidh agus iad ag obair go dian. Le déanaí bhíomar ag cumadh scéalta faoin nádúr agus dúlra. . . Scríobh Lúc Ó Gamhna an sárscéal seo ar a ghlaotar “Cairde Na Coille”. In airde staighre i Rang a 3 ceapaimís gur scéal íontach atá ann agus bainfidh sibh ar fad sult as!

 

Cairde Na Coille

 

Bhí mé féin agus mo chlann ag dul go dtí teach mo Dhaideó agus mo Mhamó i Chill Mhantáin.Shroich muid an teach.Bhí mo Mham agus mo Dhaid ag caint le mo Mhamó agus mo Dhaideó.Am lón a bhí ann.Chuaigh gach duine amach sa ghairdín chun an lón a ithe.Ansin thit euro as mo phóca agus thit sé anuas an slaibh.

 

Chuaigh mé síos an sliabh ar nós na gaoithe.Ansin thit mé agus ghortaigh mé mo lámh ar clhoch mór.D’fhéach mé timpeall.Bhí na crainn ag bogadh anonn is anann.

D‘féach mé suas,bhí an gaoth ag séadadh agus bhí an ghrian amuigh.Ansin go tobann chuala mé fothram.Bhí mé ag cuardach.

“George an Gabhar is ainm dom”.

“BAHHH”!arsa George an Gabhar.”

“Conas go bhfuil tú ag caint liom”arsa mé féin.

“Táim ag caint leat mar is tusa an fear a bhfuair mé sa choill”arsa George an Gabhar.

“Conas go bhfuil tú sa choill”arsa mé féin.

“Táim sa choill mar thug do Dhaideó mé síos anseo chun an féar a itheadh”arsa George an Gabhar.Bhí mé féin agus George ag caint.Tar éis tamaill chuala mé rud éigint ag bogadh.Rud éigint bándearg.Cad a bhí ann? Ansin léim sé amach agus Muc a bhí ann!

 

“Is mise Mícheál Muc”arsa an Muc.

“Conas go bhfuil tusa anseo”arsa mé féin”

“Táim síos anseo mar thit mo dhinnéar síos anseo agus bhí an-ocras orm”arsa Mícheál Muc.

“Cé a thug an dinnéar blásta seo duit”arsa mé féin.

“Thug do Dhaideo an dinnéar blásta seo dom”arsa Mícheál Muc.Tar éis tamaill ní raibh aon rud le déanamh againn.

Ach ansin bhí smaoineamh agam.Bhí cúpla píosa olainn timpeall na h-áite.Rinne muid rópaí as an olainn.Ansin chuir muid clocaí ar barr na rópaí.Ansin chuaigh muid suas an sliabh agus bhí muid ag an teach.

“Cá raibh tú” arsa mo Mham.

“Thit an lug ar an lag”a dúirt mé.

“Cén fáth?” arsa mo Mham.

“Thit mo euro anuas an sliabh”arsa mé féin.Ansin dúirt mé le mo Mham go raibh cairde nua agam.Ansin seacht a chlog san oíche a bhí ann.

Chuaigh gach duine go dtí na seomraí codalta.

“PSST” arsa Mícheál Muc agus George an Gabhar.

“Cad atá cearr libh,tá gach duine ina choladh”arsa mé féin.

“Ba mhaith linn dul a choladh ach níl aon leaba againn”arsa George an Gabhar agus Mícheál Muc.Thug mé leaba do George agus Mícheál.

Tháinig fáinne geal an lae agus an mhaidin a bhí ann.

“Tá muid ag dul ar shúilóid”arsa mo Dhad.Chuaigh gach duine ar an súilóid agus chuaigh George agus Mícheál freisin.Ar an súilóid chonaic mé túr mór na Lochlannach.Rith muid go dtí túr mór na Lochlannach.Thosaigh muid ag ithe picnic.Tar éis an picnic chuaigh muid abhaile go dtí teach mo Mhámó agus mo Dhaideó.

 

Chuaigh gach duine isteach sa theach seachas mé féin,George agus Mícheál.

“Tá ocras orainn” arsa George agus Mícheál.Thug mé tuí do George agus Mícheál.

Ní raibh ocras ar an mbeirt acu ansin.Bhí sé a trí a chlog.Bhí an ghrian go h-ard sa spéir.Chuaigh mo Dhaideo amach ar an bhfeirm chun an raca féir a chuir ar an tarracóir agus é a thabhairt do na h-ainmhí ar an fheirm.Tar éis é sin chuaigh sé ar an inneall bainte le haghaidh na rollaí féir a fháill.Ansin chuaigh sé isteach in crú bleán na mbó.Fuair sé a lán bainne.Ansin chuaigh sé isteach sa teach.

Bhí mé féin,George agus Mícheál ag rith timpeall an ghairdín.Ansin go tobann chonaic mé tarbh mór,grána agus glic.Bhí mé ag crith le heagla!

 

Ansin thosaigh an tarbh ag rith ar luas lasrach agus thosaigh mé ag rith ar nós na gaoithe.

“STOP”arsa George an Gabhar.Stop an tarbh agus rith sé anuas an sliabh.

“Go raibh maith agat”arsa mé féin le George.

“Fáilte”arsa George.

An oíche a bhí ann.Bhí an gealach sa spéir. Bhí ulchabhán ag eitilt tríd na gcrann agus ag seilg.Chuaigh gach duine ina choladh seachas mé féin,George agus Mícheál.Bhí muid amuigh sa ghairdín in aice tine mór.

Bhí leamhachán againn.Bhí siad an-blasta.Ach ansin go tobann bhí crann trí thine!

 Chuaigh mé isteach sa theach agus chuir mé glaoch ar an mBriogáid Dóiteán.

“BÍ BÁ BÍ BÁ”.Bhí an Briogáid Dóiteán ansin.Déirigh leo an tine a mhúcadh.

An mhaidin a bhí ann.D’ith muid an bhricfeasta.D’ith George agus Mícheál a bhricfeasta.DING!DONG!Bhí m’Aintín ansin.

“Dia dhuit a Aintín”arsa mé féin.”

“Dia dhuit Lúc”arsa m’Aintín.Bhí cúpan tae ag na daoine fásta.

“Gach duine!”a dúirt mé. “Seo iad mo chairde ó na sléibhte.”

 

Dúirt gach duine ‘dia dhuit’le George agus Mícheál.Bhí gach duine an-sásta na laehannta sin.Ach nuair a chuaigh mé abhaile bhí a lán oibre sa ghairdín le dhéanamh agam le George agus Mícheál. . .

 

 

Lúc is ainm dom agus is é sin mo scéal faoi Chill Mhantáin ach tar éis na seachtaine saor ón scoil,tháinig muid ar ais agus thóg mé George agus Mícheál ar scoil.Bhí ann spraoi againn.Is cairde maithe liom iad George an Gabhar agus Mícheál Muc.

Slán agus beannacht.       

Comments are closed.
Working Hours

  • Monday9am - 6pm
  • Tuesday9am - 6pm
  • Wednesday9am - 6pm
  • Thursday9am - 6pm
  • Friday9am - 6pm
  • SaturdayClosed
  • SundayClosed
Teachers