oifig@scoiland.ie

01 840 9640

Draighneán, Bóthar Fhaol Droma, Sord, Co. Áth Cliath, K67V207

 

Cogadh Na Naoi mBliana

A Chairde , fáilte romhaibh ar fad go dtí an suíomh nua scoile ! Le tamaillín anuas bhí Rang A Cúig ag obair go dian ar chúrsaí staire. Bhíomar ag féachaint go háirithe ar an dtréimhse a bhain le Cogadh Na Naoi mBliana agus tar éis sin , teacht Chromaill go hÉirinn.

Bhí meascán oibre ar bun againn , agus d’éirigh linn ar fad neart a fhoghlaim faoin saol a bhí in Éirinn um a dtaca sin , agus na pearsanachtaí móra a bhí ann san am úd fadó. . .

Bheartaigh an rang dhá amlíne móra a dhearradh agus a dhathú a thosnaíonn roimh Chogadh Na Naoi mBliana agus a chríochnaíonn le Teithe Na n-Iarlaí. D’úsáideamar nachmór an trealamh ar fad ealíne a bhí againn sa rang !

B’fhiú go mór ár gcuid saothair, agus tá sé an-éasca orainn an tréimhse staire seo a thuiscint, níl orainn ach féachaint ar na ballaí ! Más mian leat féin siúl siar a dhéanamh go hÉirinn sna bliannta timpeall 1594 níl ort ach teacht in airde an staighre go Rang A 5 , áit ina bhfuil 25 saineolaí staire ag fanacht ort !

 

 

“Bhí Máire ann ar dtús, agus tar éis di bás a fháil bhí Eilís mar Bhanríon na Breataine, chuireadar tús le Plandál na Mumhan agus Plandál Laigheann.Thosaigh Pandál na Mumhan i 1586.” – Cáit Prestage

“Sna pictiúir seo tá na saighdiúirí ag tabhairt bata agus bóthar do na Gaeil i Laois agus Uibh Fháille. Rinne siad seo mar bhí creideamh Caitliceach ag na Gaeil , agus theastaigh uathu an talamh a bheith acu dóibh féin.” Dean Ó Brádaigh agus Niall Ó Maoláin.

 

 

“Sa bhlian 1592 bhí Aodh Rua agus a chol ceathar Art sa phriosúin i gCáisleán Átha Cliath. Ach bhí plean acu chun éalú i lár na hoíche. Níor éalaigh duine ar bith ón gcaisleán seo riamh” – Darach Ó Géibheannaigh

“D’éalaigh siad agus d’imigh siad go Sléibhte Chill Mhantáin. Lár an gheimhridh a bhí ann agus bhí sé ag cur sneachta. Mhairigh an fuacht Art Ó Dónaill ach d’éirgh le hAodh Rua teacht slán agus ar deiread d’imigh sé ar ais go Cúige Uladh” Christian Ó Muilleoir

 

“Sa bhlian 1594 thosaigh Cogadh Na Naoi mBliana. Anseo feictear Aodh Mór Ó Néill agus Aodh Rua Ó Dónaill. Ba thaoisigh móra le rá iad i gCúige Uladh.  Bhí a fhios acu cad a tharla le Plandál Laigheann agus Mumhan. Níor theastaigh uathu go dtarlódh sé seo arís. Bhí airm cróga agus láidir acu agus ba thaoisigh agus ba cheannairí glic iad. Theastaigh uathu stop a chuir leis an bplandál.”- Alex Ní Riain agus Jessica Ní Dhónaill.

 

Arsa James Mac Eochaidh : Tá Aodh Rua agus Aodh Mór ag pleanáil le haghaidh Cogadh Na Naoi mBliana. Bhí airm an-láidir ag na Sasannaigh ach an té nach bhfuil láidir ní foláír dó a bheith glic. San am sin ní raibh mórán saighdiúirí nó ceannairí níos fearr ná Aodh Mór nó Aodh Rua.

 

 

 

“Tharla Cath Béal An Átha Buí sa bhlian 1598. Tharla sé i gContae Ard Mhaca. Bhuaigh na Gaeil an cath seo. Ba bhua mór dóibh a bhí ann,”- Aisling Ní Dhubhlainn.

Bhí plean an-mhaith ag na Gaeil agus déírigh leis an bplean. – Caoimhe Ní Threasaigh

 

“Mheall siad na Breatanaigh chun teacht ar an mbóthar a bhí fluich báite. Bhí an talamh ró-fhluich le haghaidh capaill agus na gunnaí móra. Bhí spící timpeall na bóithre seo chomh maith”,  – Aodh Ó Conchubhair.

“Thuig Aodh Rua agus Aodh Mór go mbeadh na Breatanaigh ag teacht an treo seo go Cúige Uladh. Rinne siad cinnte go raibh tuillte ar na bóithre trí abhainneacha a chasadh le clocha. Nuair a bhí fórsaí Shasanna greamaithe sa láib thosaigh an cath fíóchmhar!” – Jack Ó Caollaí

 

 

“Tháinig na Spáinnigh go hÉirinn sa bhlian 1601. Bhí stoirmeacha móra ann agus iad ag teacht. Fuair roinnt dóibh bás , d’imigh  siad go tóin poill, chas roinnt  eile dóibh timpeall agus d’fhill siad ar an Spáinn. Bhí siad ag teacht le cúnamh agus capaill agus púdar do na gunnaí agus saighdiúirí a thabhairt do Aodh Rua agus Aodh Mór,” Elle Nic Amhalaí

 

“Chuaigh siad go Cionn tSáille i gCorcaigh. Ní raibh sé seo go híontach mar bhí na Gaeil thuas i gCúige Uladh. Bhí orthu teacht anuas . Bhí cath i gCionn tSáille agus chaill na Gaeil agus na Spáinnigh , ghéill na Spáinnigh ar deireadh agus d’imigh siad abhaile arís. Bhí na Gaeil tuirseach traochta agus croí bhriste.” – Celine Ayyubova

 

“Bhí na Spáinnigh ag teacht go hÉirinn chun cabhrú le hAodh Mór agus Aodh Rua toisc gur tír Chaitliceach a bhí inti san am sin. Ach nuair a shroicheadar Cionn Sáille bhí siad timpeallaithe ag gunnaí móra Shasanna, ” Sam Oragano

 

“Sa bhlian 1603 d’fhág Muintir Uí Shúilleabháin Corcaigh le héalú agus le dul go Fear Manach agus Liatrom. Ní raibh turas éasca acu . Ar an dturas bhí orthu a chapaill a mharú chun iad a itheadh. Rinneadar bád ó chraiceann na gcapall fiú , chun an tSionainn a thrasnú. Theastaigh uathu dul go Cúige Uladh mar níor tharla plandál ansin go fóil. Níor tháing ach 34 fear agus bean amháin slán ón aistear seo,”- Ellen Nic Giolla Comhaill agus  Lucy Ní Bhraonáin.

 

 

“Fuair a lán daoine bás agus iad ag iarriadh an tSionainn a thrasnú, thit roinnt cen de na báíd go tóin poill. Bhí an turas brónach agus chuaigh go Connacht agus Uladh go Muintir Mhic Uidhir, mar bhí caisleáin acu agus bhí siad cabhair a thabhairt dóibh,” Eoghan Ó hÉathairn

 

 

Arsa Jonny Ó Miadaigh ” Sa bhlian 1603 chaill na Gaeil agus bhí siad croí bhriste. D’imigh na taoisigh agus a ghaolta go dtí An Fhrainc agus An Spáinn.”

 

 

“Theastaigh uathu teacht ar ais go hÉirinn tar éis dóibh faoiseamh agus cúnamh a fháilt sa Spáinn. D’fhreastal siad ar Airm na Spáinne. Glaotare Teithe na n-Iarlaí ar seo. Bhí gantannas taoisigh fágtha in Éirinn agus bhí na Gaeil in ísle brí.” Pierce Ó Donnchú

 

 

Comments are closed.
Working Hours

  • Monday9am - 6pm
  • Tuesday9am - 6pm
  • Wednesday9am - 6pm
  • Thursday9am - 6pm
  • Friday9am - 6pm
  • SaturdayClosed
  • SundayClosed
Teachers