oifig@scoiland.ie

01 840 9640

Draighneán, Bóthar Fhaol Droma, Sord, Co. Áth Cliath, K67V207

   

Comhbhrón

A chairde, faraor tá brón ar phobal na scoile agus orm féin, Múinteoir Ciarán, ó chualamar an drochscéal go bhfuil ár gcara Gabby Kunda imithe ar shlí na fírinne.

Gabriel “Gabby” Kunda 1984 – 2021

Ba fhear uasal é Gabby a chaith a shaol ag obair ar son páistí bochta i Zambia, ach go háirithe ag tabhairt spreagadh dóibh chun a spórt féin, Judo a imirt.

Bhí an t-ádh linne i Scoil an D. go raibh Gabby lánsásta teacht isteach chugainn agus cúpla taispéantas íontach Judo a chur i láthair dúinn. Ba laethanta órga iad na laethanta sin.

Cuimhnímid agus guímid ar a shon, agus ar son a bhean chéile Manyando agus a mhac óg Oscar. Ní bheidh a leitheid arís ann.

Comments are closed.