oifig@scoiland.ie

01 840 9640

Draighneán, Bóthar Fhaol Droma, Sord, Co. Áth Cliath, K67V207

 

Comórtas Fichille na mBunscol

 

Bhí an t-ádh dearg le ceathrar dalta ón scoil inniú! Roghnaíodh ar son na scoile iad chun dul go hÁras Chrónáin agus dul in iomaíocht i gComórtas Fichille ollmhór. Bhí scoileanna bailithe ann ó Chúige Laighean ar fad agus ní raibh ann ach an dara uair riamh go ndeachaigh daltaí ón scoil seo go dtí an Comórtas mór le rá seo!

 

 

Bhíomar ar bís! Bhíomar beagáinín buartha! Bhí taithí ag beirt dár bhfoireann ar an méid a bhí le teacht toisc go raibh siad ag imirt sa Chomórtas anuraidh agus ba mhór an cúnamh dúinn é sin. Is comórtas proifisiúnta a bhí ann i halla mór mílteach agus bhí gach duine a bhí i láthair lán dáiríre faoin bhficeall. Bhí na moltóirí ag cinntiú nach raibh aon duine ag caint, agus nuair a bhí na babhtaí tosnaithe bhí ciúnas iomlán sa halla.

IMG_0295

 

Bhí meascán againn de bhuachaillí agus cailíní ar an bhfoireann agus rinneadar ar fad a sheacht ndícheall. Bhí riallacha dochta daingine i bhfeidhim agus bhí an lucht féachanna in airde an staighre lán ábalta an teannas a bhraith san aer! B’fhéidir gur chuir sé sin isteach orainn sa chéad bhabhta ach bhí freasúra an-láidir ó Scoil Lorcáin inár gcoinne.

Diaidh ar ndiaidh a thógtar na caisleáin deirtear agus i ndiaidh sin tháinig feabhas mór orainne ar fad agus bhí Foireann Fichille na Scoile ag leagadh píosaí na scoileanna eile gan trócaire! D’éirigh linn roinnt mhaith pointí a thuilleamh agus thosnaíomar ag dreapadh ar an gClár Scórála.

 

IMG_0321

 

 

In aineoinn ár n-iarrachtaí cróga agus cliste thánamar faoi bhrú arís sna triú agus sna ceathrú babhtaí. Bhí an halla ag éírí te. Bhí na saighdiúirí fichille sleamhain le hallas. Bhí gá lenár n-aigní a dhíriú go hiomlán sna babhtaí seo toisc go raibheamar faoi ionsaí leanúnach!

 

 

D’éirigh linn an fód a sheasamh agus ag deireadh an lae bhí cluichí caillte againn ar fad ach bhí cluichí buaite ag gach aon imreoir ó Scoil An Duinínnigh chomh maith. Is toradh breá é seo agus ba cheart go mbeadh bród ar na himreoirí ar fad. Ba dheas an ócáid í ach chraitheamar lámh le na himreoirí ó na scoileanna eile. Tháispeáineamar cúpla cleas dóibh agus mhúin roinnt dóibh cúpla ceacht dúinn ach is cinnte go raibh lá den scoth ag Foireann Fichille na Scoile.

 

 

Dár ndóigh tá orainn buíochas ar leith a ghabhál le hAoife Uí Raghallaigh a thug cúnamh dúinn i rith an lae, agus do Una O’ Boyle a d’eagraigh an comórtas ar fad agus bhí an Grandmaster Fichille seo sásta cúpla nod a thabhairt dúinn freisin.

 

 

A Chairde Gaeil, sin é an tuairisc ón gComórtas Fichille (Cúige Laighean) 2016, ach tá foireann óg againne agus bainfear geit as cúpla scoil eile i gceann bliana !  Ficheall Abú!!!

Comments are closed.
Working Hours

  • Monday9am - 6pm
  • Tuesday9am - 6pm
  • Wednesday9am - 6pm
  • Thursday9am - 6pm
  • Friday9am - 6pm
  • SaturdayClosed
  • SundayClosed
Teachers