oifig@scoiland.ie

01 840 9640

Draighneán, Bóthar Fhaol Droma, Sord, Co. Áth Cliath, K67V207

 

Corpoideachas

Corpoideachas

Múintear cúig as sé snáithe sa churaclam Corpoideachais gach bliain. Is iad  Lúthchleasaíocht, Cluichí, Damhsa, Gleacaíocht, Gníomhaíochtaí Lasmuigh agus Gníomhaíochtaí  Eachtraíochta  na snáitheanna a roghnaíomar. Tá Oiliúint agus Sábháilteacht uisce le múineadh chomh maith agus bíonn na múinteoirí ranga ag tabhairt faoin gcúrsa PAWS sa rang chun sábháilteacht uisce a mhúineadh do na scoláirí.

Tugtar uair amháin gach seachtain don Chorpoideachas mar aon le dhá lá eile don Daily Mile, Rith Timpeall na hEorpa nó Rith Timpeall na hÉireann. Tá plean caighdeánaithe againn don Chorp Oideachas ionas go bhfuil gach rang ag díriú ar an snáithe céanna agus ar na scileanna bunghluaiseachta céanna ag an am céanna. Tá ár bplean scoile don Chorpoideachas ar thaispeáint ar chlár fógra lasmuigh den halla, ag léiriú snáithe na míosa agus scil na míosa.

 

D’fhreatsal Múinteoir Bronagh ar cheárdlanna ‘Gluais Go Maith, Gluais Go Minic’. Tá sé i gceist go gcuirfeadh an acmhainn seo le forbairt linbh ag an leibhéal den inniúlacht fhisiciúil atá aige/aici. Dearadh í le go gcuirfeadh sí le teagasc an churaclaim corpoideachais i mbunscoileanna na hÉireann . Tá sé mar aidhm aici moll uirlisí a chur ar fáil chun tacú leis an múinteoir scileanna bunghluaiseachta a theagasc ar fud na mbunscoileanna. Tar éis a bheith ag freastal ar na ceardlanna, roinn Bronagh an t-eolas agus na hacmhainní leis an bhfoireann.

Comments are closed.
Working Hours

  • Monday9am - 6pm
  • Tuesday9am - 6pm
  • Wednesday9am - 6pm
  • Thursday9am - 6pm
  • Friday9am - 6pm
  • SaturdayClosed
  • SundayClosed
Teachers