oifig@scoiland.ie

01 840 9640

Draighneán, Bóthar Fhaol Droma, Sord, Co. Áth Cliath, K67V207

 

Cuairt Corn Sam Mag Uidhir

Bhí ‘Lá Geansaí Peile CLG‘ againn sa scoil ansin ar an 11 Samhain. Ar an dea-uair bhí Corn Sam Mag Uidhir ar cuairt sa scoil ar an lá céanna. Áth Cliath Abú!

Táimid go mór faoi chomaoin ag na páistí a bhronn €2 an pháiste (€5 do thiúr sa chlann nó níos mó) ar an scoil in éineacht is a bheith gléasta i ndathanna BÁC. Rachaidh an t-airgead sin díreach glan go dtí an cuntas i gcomhair Chluichí Gaelacha na Scoile.

Bhí sceitimíní agus ríméad ar an scoil go léir nuair a shiúil an peileadóir Uimhir 14 Dean Rock le Corn Sam Mag Uidhir in airde aige isteach chuig an halla. Thug sé ard-mholadh don scoil as an bhfáilte mór a chuireadh roimhe. Chan sé le na páistí freisin agus iad ag casadh ‘Mol Uí Mhaoiléoin’ go breá beo. D’fhreagair sé cuid mhór ceisteanna suimiúla a bhí ag na páistí agus sheas isteach linn do ghrianghraif. Glac nóiméad le breathnú orthu!

 

Comments are closed.
Working Hours

  • Monday9am - 6pm
  • Tuesday9am - 6pm
  • Wednesday9am - 6pm
  • Thursday9am - 6pm
  • Friday9am - 6pm
  • SaturdayClosed
  • SundayClosed
Teachers