oifig@scoiland.ie

01 840 9640

Draighneán, Bóthar Fhaol Droma, Sord, Co. Áth Cliath, K67V207

 

Dia Dhaoibh Le Rang A Dó!!!

A Chairde ar fad,

 

Tá súil agam go bhfuil sibh slán sábháilte sa bhaile. Is fada an lá é ó bhí an rang ar fad le chéile ach tá an t-ádh linn gur féidir linn a bheith ag caint lenár gcairde go foil.

 

 

Sheol cúpla páiste roinnt pictiúirí chugam, ag taispeáint dom céard atá ar siúl acu sa bhaile ! Go raibh maith agaibh ! Is bealach deas é lenár gcuid oibre a thaispeáint dá chéile. Má dhéanann tú rud deas nó spéisiúl sa bhaile cur ceist ar Mhamaí nó Daidí grianghraf a sheoladh chugam.

Tá súil agam go bhfuil sibh fós ag léamh as Béarla agus as Gaeilge. B’fhéidir gur mhaith leat postaer mar seo a dhéanamh, le na heachtraí nó na daoine ó do leabhar ag teacht amach ó na leathanaigh !

 

Tá súil agam freisin go bhfuil sibh ag cabhrú le bhur dtuistí. Ná déanaigí dearmad a bheith ag bogadh timpeall agus ag léimt agus ag rith agus ag scipeáil.

 

Is rang den scoth sibh agus bainfidh an-taitneamh as sibh a fheiscint nuair a fhilleann gach duine ar ais ar scoil.

burst

Cosúil libhse bím sa bhaile gach lá. Is maith liom dul amach ar mo rothar agus is maith liom pictiúirí a tharraingt. Uaireannta bímse ag canadh agus bainim taitneamh as sin chomh maith.

Is maith le mo Mhamaí a bheith ag péintéail agus is maith le mo Dhaidí a bheith ag bácáil. Déanann sé rudaí atá íontach blasta! Cad atá ar siúl agaibh ? Seo mise nuair a bhí mé I Rang a Do, fadó fadó !

 

 

 

Molaim sibh go hard na spéire, leanaigí ar aghaidh mar atá sa bhaile agus feicimís a chéile go luath le cúnamh Dé!

 

Bhur múinteoir,

Ciarán

 

Comments are closed.
Working Hours

  • Monday9am - 6pm
  • Tuesday9am - 6pm
  • Wednesday9am - 6pm
  • Thursday9am - 6pm
  • Friday9am - 6pm
  • SaturdayClosed
  • SundayClosed
Teachers