oifig@scoiland.ie

01 840 9640

Draighneán, Bóthar Fhaol Droma, Sord, Co. Áth Cliath, K67V207

 

Eolaithe Óga Rang a 5!!!!

Eolaithe Óga Inár Measc

A Chairde Gaeil, cúpla fógra tapaigh chugaibh ó Rang A Cúig. Le déanaí bhí neart obair eolaíochta á dhéanamh againn anseo i seomra a 15. Bhíomar ag foghlaim ach go háirithe faoi sholas, go mbíonn sé ag taisteal fíor-thapaigh ar fad, agus cé nach bhfeictear ach solas geal bán, is meascán de dhathanna a bhíonn le fáilt i dtuar ceatha atá ann.

Tuar Ceatha

 

Is smaoineamh casta é seo ach d’éirigh linn é a thuiscint trí Rotha Newton a dhearradh agus a dhéanamh.

 Newton

 

 

 

Cad é Roth Newton meastú ? Chuireamar an cheist sin ar Mhuireann Ní Mhaoildeirg agus is é seo an freagra a bhí aicí :

“Is roth a dhéanann tú é , bíonn dathanna dearg, gorm, corcra agus glas air. Nuair a chasann tú é bíonn cuma bán air. Taispeánann sé seo dúinn go bhfuil na dathanna i mbogha báistí  le fáilt i solas bán! Thaithin sé liom é seo a dhéanmh mar is eolaíocht agus ealaín a bhí ann”

 

 

Chuireamar ceist freisin ar Olivia Ní Cheallaigh agus Ciara Nic Gabhann míniú tapaigh a thabhairt dúinn mar gheall ar an slí go bhfeictear solas bán ar an roth nuair a bhíonn sé á chasadh againn.

Dúradar linn:

“Mar tagann na dathanna le chéile nuair a chasann tú é go han tapaigh é, meascann sin le chéile , nuair a dheineamar é bhí sé saghas oráiste ach má dhéanann tú é go h-an tapaigh ar fad beidh sé iomlán bán. Bhaineamar a lán taitneamh as seo mar d’oibrigh cúpla grúpa le chéile .”

 

Is cinnte go bhfuil ár rang lán go béal le heolaithe óga agus más mian le duine ar bith teacht go Seomra a 15 is cinnte leis go mbeidh muid lán ábálta an méid atá ar eolas a roinnt libh !

Fógra Tábhachtach Eile : Bhuaigh an fear óg seo “Gaeilgeoir na Seachtaine” agus an gradam nua “Tíreolaí Na Seachtaine” don dtseachtain seo caite ! Éacht eile bainte amach ag daltaí Rang A 5 !!!

Comments are closed.
Working Hours

  • Monday9am - 6pm
  • Tuesday9am - 6pm
  • Wednesday9am - 6pm
  • Thursday9am - 6pm
  • Friday9am - 6pm
  • SaturdayClosed
  • SundayClosed
Teachers