oifig@scoiland.ie

01 840 9640

Draighneán, Bóthar Fhaol Droma, Sord, Co. Áth Cliath, K67V207

 

Féile Filíochta I Seomra 15!!!

Tá áthas orainn anseo i Seomra 15 scéal a chuir chugaibh mar gheall ar ár gcuid filíochta a bhí á chumadh againn le tamall anuas.

 

Ar dtús báire bheartaigh an rang roinnt dánnta móra le rá a fhoglaim. Bhaineamar an-taitneamh as staidéir a dhéanamh ar “Mise Raifteirí an File” a insíonn scéal dúinn faoin saol a bhí ag an bhfile dall Antaine Ó Raifteirí na céadta bliain ó shin. Tuigimís ón ndán go raibh saol réasúnta dian aige ach, sin ráite, gur fear é a bhí lan le dóchas is grá. . . Chaith sé tromlach dá shaol in Iarthar na hÉireann agus tugann a chuid filíochta súil siar dúinn ar an saol a bhí ann fadó fadó.

 

Raifteirí An File

Raifteirí An File

Éist le Muireann agus í ag léamh an dáin! ( Le héisteacht bog an luch go dtín taobh clé den bharra. Cliceáil uair amháin, fan nóiméad agus cliceáil san áit céanna don dara uair.)

 

Tar éis dúinn an dán seo a chuir de ghlan mheabhair, leanamar orainn agus chumamar ár ndánnta féin ar an stíl céanna. D’éirigh leis an rang roinnt saothair íontacha a chumadh agus má tá Raifteirí an File sna Fláthais ag éisteacht linne is cinnte go bhfuil sé ag baint taitneamh as ár bhfilíocht féin!

Is í seo Laura Jane Nic Coscair agus an dán “Mise Laura an Páiste”

 

Tá filíocht as Gaeilge á chumadh le ar a laghad míle bliain! Leanann an nós seo ar aghaidh inár rang agus é ag dul ó neart go neart. Éistigí an uair seo le hAoibh Níc Dhómhnaill agus an dán “Is Mise Aoibh An Dalta”.

 

 

Dár ndóigh agus Aimsir na Cásca ag druidim linn  b’éigean dúinn  ár n-ard agus ár n-aire a thabhairt don dán Mise Éire, a scríobh Pádraig Mac Piarais agus a léigh Ollie Mac Lochlainn go cumasach dúinn nuair a bhí an taifead á dhéanamh againn!

 

Uaireannta bíonn dánnta brónacha ann , uaireannta eile is cinntí grá a bhíonn ann agus tá sampla íontach de dán den tsaghas sin scríofa ag Anna Ní Laocha le céiliúradh a dhéanamh ar ócáid speisialta atá le teacht!

 

A Chairde, sin é, thaithin sé go mór linne bheith ag plé le filíocht na nGael agus tá moladh mór tullite ag gach aon dalta ar fad sa rang as ucht a bheith ag obair go dian. Beidh níos mó saothair á chumadh againn go luath ach más mian leat aon de na dánnta seo a chloisint beo agus os ard le brí agus fuinneamh buail cnag ar ár ndoras agus beidh míle fáilte romhaibh!!!

Comments are closed.
Working Hours

  • Monday9am - 6pm
  • Tuesday9am - 6pm
  • Wednesday9am - 6pm
  • Thursday9am - 6pm
  • Friday9am - 6pm
  • SaturdayClosed
  • SundayClosed
Teachers