oifig@scoiland.ie

01 840 9640

Draighneán, Bóthar Fhaol Droma, Sord, Co. Áth Cliath, K67V207

 

Filíocht Den Scoth ó Rang a 5!!!

A Chairde , tá na laehannta saoire ag teacht ! Beimid saor ón scoil go luath. Ach idir seo agus sin leanann na daltaí i Seomra 15 orthu ag obair go dian. Bhíomar ag cumadh filíóchta an tseachtain seo agus cé go raibh sé meirbh sa seomra ranga, agus cé go raibheamar ar fad traochta ón Lá Spórt, d’éirigh go geal leis na filí óga.

Ar dtús báire d’fhéachamar ar an dán “Mise Raifteirí An File” agus rinneamar iarracht an stíl sin a leanúint. Creid nó ná creid ach bhí an dán seo le feiscint ar an sean-nóta cúig phunt !

(Éist le Seán Ó Muineog agus an dán seo á léamh aige!)

 

 

Anseo thíos tá saothar a chum Darach Ó Géibheannaigh.

 

 

 

MISE CEOLTÓIR

Mise Darach an ceoltóir

 ag seinm go deo,

Mandolin agus bodhrán

fadis go mbím beo,

 

Is breá liom ceoil

uirlisí agus notaí,

Ag seinm ar an sráid

is airgead i mo phócaí,

 

 

Ní fios dom cén fáth

gur breá liom ceol,

I dteannta mo chairde

ar aghaidh linn faoi lán seoil .

 

LE DARACH Ó GÉIBHEANNAIGH

 

 

Más mian leat éisteacht le Darach agus é ag léamh, cliceál ar chlé ar an mbarra seo, faoi dhó más gá.

 

 

 

 

Comments are closed.
Working Hours

  • Monday9am - 6pm
  • Tuesday9am - 6pm
  • Wednesday9am - 6pm
  • Thursday9am - 6pm
  • Friday9am - 6pm
  • SaturdayClosed
  • SundayClosed
Teachers