oifig@scoiland.ie

01 840 9640

Draighneán, Bóthar Fhaol Droma, Sord, Co. Áth Cliath, K67V207

 

Fógra Faoin Yóga!!!

Le tamall anuas bhí an-chuid eachtraí agus imeachtaí ag titim amach sa scoil ! Bhí peil do na buachaillí agus cailíní, neart ceoil dár ndóigh, cúpla turas go lár na cathrach, páistí ag bácáil agus cístí ar díol sa halla againn, agus fiú níos mó ná sin! An bhfuil aon scoil in Eirinn níos gnóthaí ná muid ?

Le déanaí, chun deis a thabhairt dár bpáistí triall a bhaint as gníomhaíocht eile, agus (b’fhéidir!) chun sos a thabhairt dóibh ón obair dhian a bhíonn ar siúl ag Rang A Sé thuas staighre, thosnaíomar ag déanamh Yóga ! Nach bhfuil an t-ádh dearg linne anseo i Scoil an Duinnínigh ?

 

Ar aon nós  taithnaíonn sé go mór leis na daltaí agus tá roinnt turaiscí anseo againn uathu a dhéanann cur síos ar an méad a bhíonn ar siúl acu agus a dtuairimí ina leith !

 

 

ÁR RANG YÓGA!!!   

le Leah Ní Sh.

Inné bhí yóga againn agus bhí sé an suaimhneach. Bhí se go híontach agus bhí mé ag síneadh amach. Thaithin sé go mór liom agus ansin bhí muid i bpairtnéirí agus bhí mise agus Amber le chéle agus duirt muid cad a rinne muid agus cad a bhí maith.  

                                   Ansin rinne muid síneadh i bpairtnérí . Bhí sin go hálainn agus bhí a lán rudí eagsúla ar siúl. Bhain mé alán teannais asam .Rinne mé dearmead rinne muid eigin eile fresin. Rinne muid rud le babhla, an t-ainm den bhabhla na daitokuj! Ligeamar ár scíth, ansin chuaigh muid ar ais suas go dtí an rang. Taim ag tnúth go mór leis an gcéad rang eile. Beidh sé go maith !

 

 

Ár Rang Yoga –

Turaisc ó Oisín Ó R.

Thosaigh muid yóga inné le Múinteoir Ciarán.Bhain me taitneamh as an yóga. Tá muid á dhéanamh gach déardaoin le haghaidh sé seachtain agus nuair atá sé críochnaithe beidh mé an so-lúbtha. Ar dtús rinne muid taobh suas agus rinne muid a lán rudaí éagsúla agus shín muid amach. Nuair a bhí muid críochnaithe an taobh suas rinne muid rud eile agus bhuail ciarán babhla darbh ainm ar daitokuji agus ina dhiadh sin fuair muid pairtnéir.

 

Bhí mise le Béibhínn.Rinneamar a lán síneadh amach arís ar mata amháin. Bhain mé an-spraoi agus bhain mé an-taitneamh as. Ansin rinne muid rud nuair a bhí cuma orainn go raibheamar in ár gcodladh .Ach bhí an rang thar barr agus nuair a bhí sé críochnaithe bhí mé an sásta go bhfuair muid deis as yóga agus ag deireadh bhí mé splaptha leis an tart agus tá mé ag tnúth go mor leis an seachtain seo chugainn.

 

Ár Rang Yóga le Mia

Thaithin an yóga go mór liom . Bhí sé iontach suaimhneach. Bhí mata an duine againn . Ciarán ab anim don mhúinteoir Yoga. Is feár deas é Ciarán .Thosaigh muid ar dtús ag síneadh amach na lámha agus cosa . Rinne muid roinn den yóga le páirtnéir. Shúil sé timpeall ag féachaint orainn chun cínntú go raibh sé á dhéannamh i gceart againn.

 

Bhí Ciarán ana solúbtha . D’iarr sé orainn cúpla rud a dhéanamh sa bhaile . Táim ar bís le haghaidh an chéad cheann eile !

 

 

Ár Rang Yóga, Turaisc Ó Ava;            

Chabhraigh an yoga liom a bheith níos solúbtha mar tar éis an rang bhí mé abalta rud darbh ainm briseadh cnamh a dhéanamh.Bhí sé thar barr agus bhain mé an-taitneamh as. Ar dtús rinne muid cúpla aclaíocht éasca agus ansin rinne muid rudaí níos deacra ach fós bhí faoiseamh sa seomra.Tar éis sin rinnamar rudaí éagsúla le partnéirí.An pairtnéir a bhí agam ná Mia.

Bhí babhla aige a rinne torann íontach ar fad agus mhothaigh mé go raibh mé chun dul a choladh.Cheap mé nach raibh mé chun taitneamh a bhaint as ach bhí sé go híontach.An rud is fearr a rinne muid,i mo thuraim ná ag luí síos agus ag mothú rudaí i mo chorp.Ní féidir liom fanacht don chéad rang eile.

 

 

 

Ár Rang Yóga le hAlex Ó D.

Ar an Deardaoin, 4ú lá Deireadh Fómhair, bhí an chead rang yóga ag Scoil an Duinninigh .An t-ainm a bhí ar an múinteor ná Ciarán agus bhí sé go híontach agus bhí muid an solúbtha tar eis. Roimh an rang yóga bhí orainn bheith an suaimimhneach agus ansin thosaigh an ár rang yóga .

Shuigh an rang go leir síos ar na mataí.Ansin thóg sé amach babhla agus an t- ainm ar sin ná Daitokuji.Tar eis sin thóg sé beirt pháiste suas go barr an halla chun cleas nua a thaispéaint.An pairtnéar a bhí agam ná Reece agus bhí an rang yóga an-spéisiúl.Tá mé ag tnúth go mór leis an gcéad rang eile.

 

Comments are closed.
Working Hours

  • Monday9am - 6pm
  • Tuesday9am - 6pm
  • Wednesday9am - 6pm
  • Thursday9am - 6pm
  • Friday9am - 6pm
  • SaturdayClosed
  • SundayClosed
Teachers