oifig@scoiland.ie

01 840 9640

Draighneán, Bóthar Fhaol Droma, Sord, Co. Áth Cliath, K67V207

 

Frog sa Rang, Mouse ar Scoil ! ! !

A Chairde, tá mí agus beagánín níos mó caite againn ar scoil agus tá neart déanta ag rang a 4 go dtí seo.

 

Ceann de na rudaí is fearr linn ná nuair a thagann Mouse ar chuairt chugainn. Tá Mouse ag teacht chun na scoile le fada an lá anuas agus is sainéolaí dúlra é. Bíonn e ag insint dúinn faoi ainmhithe agus plandaí atá mór thimpeall orainn agus foghlamaíonn an rang ar fad a lán rudaí nua gach uair go dtagann sé isteach !

Le déanaí chuamar timpeall an chúinne leis le féacht agus le foghlaim faoin bhfaiche atá in aice linn ! Creid nó ná creid ach tá an t-uafás rudaí beo ag cur fuathu ann ! Bhíomar ag bailiú feithidí, ag caitheamh síolta, ag itheadh sméara, agus fiú ag dreapadh crainn ! Is seomra ranga mór é An Domhan ar fad !

Braitheann  roinnt síolta ar an ngaoth aduaidh le scapadh ! Braitheann roinnt síolta eile ar éiníní chun iad a scapadh. Itheann na héiníní na síolta agus ansin scapann siad iad ( nuair a théann siad go dtí an leithreas !!!)

Bhíomar ag féachaint ar chrainn dúchasacha na hÉireann, na duilleoga atá orthu. Tá roinnt de na crainn in aice linn níos sine na céad blain d’aois !

Dhreapar na druiseacha chun na sméara dubha a bhlasadh. Tuigeann an rang anois conas na cinntí atá eabaí a athaint ! Thaispeán Mouse roinnt plandaí eile dúinn gur féidir a itheadh : An  Mogóir Róis            (Rosehip). Bhí siad go deas agus, buíochas le Dia, ní raibh páiste ar bith tinn !

Bhí a lán ceisteanna againn le haghaidh Mouse. Tá an t-ádh linn gur máistear i mbun a cheirde é, mar bhí na freagraí ar fad aige dúinn. Bhí na páistí ag dul abhaile an lá sin cosúil le David Attenboroughs beaga, le suim nua aige sa nádúr ! Uaireannta bíonn sé go deas féachaint ar an Amazon nó an Serengeiti ar an teilifís ach nuair atá tú ag féachaint ar rudaí fiáine i do ghairdín nó ar thaobh na scoile bíonn sé níos fearr fós.

Seo blúire beag eolas daoibh faoi láthair na scoile atá i “bhFaoldroim”. Fadó fadó bhí baint ag an bhfocal faol le mactíre, mar sin is dócha go raibh mic tíre ar na cnoic in aice na scoile. Níl a fhios agam an mbeadh cead againn dul amach más rud é go raibh cúpla mac tíre i bhfolach mórthimpeall na scoile ! ! !

Ar ais linn go sona sásta go dtí an seomra ranga. Bhí sé go hálainn a bheith ag obair faoin aer, cé go raibh an lá geal bhí fuacht sa ghaoth agus bhaineamar an-taitneamh as an lón an lá sin. Leasmuigh den rang chaitheamar cúpla soicind ag féachtaint ar an ealaín atá crochta againn a thaispeánann ” Beallach na Bó Fine” i lár na hoíche.

 

Ansin, íontas na n-íontas – scaoil Mouse cúpla frog timpeall an tseomra ! Fuair gach uile páiste a theastaigh uathu deis lámh a leagadh ar cheann de na froganna óga. Níor ghortaíodh frog ar bith le linn na ceachta. Cuimhneoimid ar an gceacht sseo go deo !

Is cinnte go bhfuil Rang a 4 ag dul ó neart go neart !!!

 

 

Comments are closed.
Working Hours

  • Monday9am - 6pm
  • Tuesday9am - 6pm
  • Wednesday9am - 6pm
  • Thursday9am - 6pm
  • Friday9am - 6pm
  • SaturdayClosed
  • SundayClosed
Teachers