oifig@scoiland.ie

01 840 9640

Draighneán, Bóthar Fhaol Droma, Sord, Co. Áth Cliath, K67V207

 

Ráiteas Misin – Mission Statement

“Is bunscoil lán-Ghaeilge Chaitliceach chomhoideachs í Scoil an Duinnínigh atá faoi phatrúnacht an Ard-Easpaig Dheoise Bhaile Átha Cliath . Tá sé mar fhís ag Scoil an Duinnínigh oideachas cuimsitheach d’ardchaighdeán a chur ar fáil do na daltaí trí mheán na Gaeilge agus freastal a dhéanamh ar riachtanais éagsúla na bpáistí i dtimpeallacht atá cothrom, taitneamhach, Gaelach agus sábháilte.”

Aidhmeanna Scoil an Duinnínigh

  • Ardchaighdeán oideachais trí  mhean Ghaeilge a chur ar fáil do dhaltaí na scoile
  • Suíomh taitneamhach a chruthú do na daltaí ionas go mbainfidh said sult, sport agus tairbhe as na laethanta a chaitheann siad ar scoil
  • Féinmhuinín agus féinmheas na ndaltaí a fhorbairt agus a chothú ionas go mbeidh siad ullamh don saol amach rompu.
  • Difríochtaí aonair a aithint agus freastal cóir a dhéanamh ar na dúshláin ar fad.
  • Cur le féinmheas gach aon duine a bhaineann le pobal na scoile, le meas ar dhaoine eile agus ar shealúchas daoine eile agus meon na freagrachta a spreagadh.
  • Ardmheas ar an nGaeilge, ar an gceol Gaelach, ar chluichí Gaelacha agus ar an gcultúr Gaelach a fhorbairt.