oifig@scoiland.ie

01 840 9640

Draighneán, Bóthar Fhaol Droma, Sord, Co. Áth Cliath, K67V207

 

Gníomhaíochtaí Fisciúla

Gníomhaíochtaí Fisciúla

Is é an aidhm atá leis an bPróiseas Bratach Scoile Ghníomhaí ná aitheantas a thabhairt do na scoileanna siúd a dhéanann iarracht pobal a chruthú atá oilte go fisiciúil agus a bhíonn gníomhach go fisiciúil.

Is í ár aidhm ná go mbeidh béim ar spraoi agus go mbeidh gach uile páiste ranga san áireamh.

Is é mana na gluaiseachta atá againn ná;

Bí Gníomhach,

Bí Sláintiúil,

Bí Éirmiúil.

 Moltar gur cheart go mbeadh uair amháin (ar a laghad) de ghníomhaíocht chorpartha idir measartha agus bríomhar ag páistí gach lá. Ach de réir an tsuirbhé is déanaí atá déanta, níl 80% de pháistí bunscoile na h-Éireann gníomhach a dhóthain!

 

Dromchla  Uile Aimsire

Bheartaigh an Bord Bainistíochta, ar dhromchla uile aimsire a chur síos ar an bpaiste féarach sa scoil. Thabharfadh sé fairsingeacht spáis dúinn mar ní fhéadfadh páistí dul ar an bhféar laethanta fliucha i ndiaiadh na báistí. Osclaíodh é go h-oifigiúil ag deireadh Méan Fomhair 2019. Frank Greally ó ‘Luthchleasaíocht Éireann’ a tháinig chun an t-aicsean a dhéanamh dúinn. Rinneamar cinneadh mar fhoireann iarracht a dhéanamh ar an mBrat Scoile Gníomhaí a fháil go gairid ina dhiaidh sin.

 

Siúlóid na Samhna

Is breá linn gleasadh suas do fhéile na Samhna gach bliain. Déanann na pásití agus múinteoirí sár-iarracht le na gcluaith Oíche Shamhna. Téimid ar shiúlóid timpeall na scoile agus timpeall an eastát tithíochta in aice linn. Taitníonn an lá seo linn ar fad!!

 

 

 

 

 

 

 

Rith an Réinfhia

Tá sé de nós againn Rith an Réinfhia a dhéanamh i mí na Nollag gach bhliain. Bíonn na páistí gléasta in éadaí na Nollag. Tá se de nós againn airgead a bhailiú do chatharnacht áitiúil ag an am seo. Cialaíonn sé sin go mbaineann ár bpáistí (agus múinteoirí) taitneamh as an ocáid agus go dtéann an t-airgead chun tairbhe daoine eile chomh maith.

Bliain amháin tháinig fíor réinfhia (capall gléasta mar réinfhia) chuig na scoile. Bhí Múinteoir Máirtín i gceannas ar aire a thabhairt dó don lá agus bhí am den scoth acu le chéile!!

                                       

 

Lúthchleasaíocht

Ghlac ár scoil páírt san Fingal Athlethics League don chéad uair riamh i mbliana. D’eagraigh Múinteoir Ciarán é agus thóg sé 50 páiste leis ar an mbus go Páirc An Droichid Nua i nDomhnach Bat. Ní raibh an aimsir ró-mhaith ach níor chuir an bhfuacht nó an mbaisteach lagmhisneach ar na lúthchleasaithe!

The Daily Mile & An Dúshlán Rith Timpeall na hEorpa

Táimid ag glacadh páirt i ‘nDúshlan Rith Timpeall na hEorapa’ faoi láthair agus á mheascadh leis an ‘Míle Laethúil’. Is feachtas fiúntach tras – churaclaim é seo a mheallann daltaí a bheith gníomhach. Téann na páistí ag rith ar an gclós ar a laghad dhá uair sa tseachtain (seo ar bharr ceacht Chorp Oideachas). Bíonn léarscáil na hEorapa, lena sainchomharthaí air, ar an mballa. Chomh maith le sin, tá cairt ann ionas go bhfuil na páistí in ann an dul chun cinn a thaifead. Leanfaidh na daltaí an cosán, timpeall na mór roinne. Tá foghlaim ghníomhach sa tíreolaíocht agus sa mhata i gceist leis chomh maith! Tar éis gach sainchomhartha a bhaint amach, shocraíomar chun dúshlán nua a thabhairt dúinn féin. Is í ár scoil in Atha Cliath an áit thosaí.Tá taifead á choimeád ag Múinteoir Brian ar Google Sheets do na cuairdeanna ar fad atá déanta againn inár ranganna agus mar scoil iomlán!

 

Aoine an Aer Úir

 

Tá feachtas nua idir lámha ag Chomhairle Chontae Fhine Gall agus sin Aoine an Aer Úir. Tá sé curtha i bhfeidhm i roinnt áiteanna i tuaisceart Báile Átha Cliath ach anois tá siad ag díriú ar Sord agus an cheantar timpeall orainn. Táimid ar bís bheith ag obair le Stephen agus a fhoireann chun an tionscanamh seo a cur chun cinn. Thug sé an deis dúinn cabhrú leis an mbratach a mbeidh ar crochadh taobh amuigh den scoil a dhearadh. Go dtí seo cinnte tá níos mó paistí ag scutáil, ag rothaíocht nó ag siúl ar scoil ar an Aoine!

Íoga

Tagann Múinteoir Ciarán ó Óga Yoga chuig na scoile chun ranganna íoga a dhéanamh le ranganna 3-6 gach bhliain. Cuireann Óga Yoga cúrsaí yoga ar fáil atá cruthaitheach, praiticiúl agus spraíúil agus atá bunaithe ar an gcuraclam. Trí ghluaiseacht mheabhrach agus socracht smaointeach a dhéanamh, is mian linn daltaí suaimhneacha, muiníneacha agus cumasacha a chruthú. (https://ogayoga.ie/ga/faoi-oga-yoga/)

Sosanna Gníomhacha

Tá sosanna gníomhacha mar chuid den ghnáth lá scoile anois. Ar laethanata atá fluich, roghnaíonn na múinteoirí gníomhaíochtaí mar ‘Just Dance’, ‘Go Noodle’, 10@10′ srl. chun a chinntiú go mbíonn páistí gníomhach in ainneoin na h-aimsire. Bíonn sosanna gníomhacha againn mar bhriseadh idir ceachtanna freisin!

Damhsa Sean-Nós le Louise

Tháinig Louise ó louise.ie chuig na ranganna sinsear chun ceardlann rince sean-nós a dhéanamh linn. D’imigh dhá rang chuig an halla ag an am céanna agus bhí uair a chloig ag gach aois-ghrúpa. Thosaigh Louise le téamhú suas agus rinne sí cinnte de go raibh na meatán agus géaga ar fad reídh chun bogadh. Roghnaigh Louise damhsaí idir sean-nós agus cinn sách nua-aimseartha le déanamh linn agus thaithin an ceol a phoic sí dúinn go mór linn. Ba iontach an deis í a bheith ag foghlaim ó shaineolaí ar nós Louise. Táimid ag tnúth le bheith ag obair léi arís go luath!

Céilí Seachtain na Gaeilge

Gach uile bhliain bíonn céilí mór againn ag céiliúradh seachtain na Gaeilge inár scoil. Eagraíonn an Múinteoir Órla agus na múinteoirí ó na Náionáin go Rang a 2 an céilí shóisir. Bíonn damhsaí ar nós Ballaí Luimní, Ionsaí na hInse agus an Staicín Eorna á dhéanamh acu.

Sna ranganna shinsear shocraigh na múinteoirí ar damhsa an Dreolín a dhéanamh sa Halla le chéile. Bhí níos mó ná 200 páiste ag damhsa agus bhí na céímeanna acu de ghlanmheabhair. Seans go mbeidh an Riverdance ag iarraidh roinnt rinceoirí ónár scoil go luath!

 

Mórshiúl Lá Fhéile Pádraig

Tá sé mar nós againn i Scoil an Duinnínigh mórshiúl scoile a dhéanamh tríd talamh na scoile, amuigh na geataí, síos an gcosán in aice leis an bpríomhbóthar agus timpeall ar ais isteach tríd na taobh geataí arís. Bíonn páistí gléasta suas agus uirilisí á sheint acu agus muid ag canadh amach ‘Gaelach agus Bródúil’. Shéid an-chuid gluaisteáin an bonn ag tabhairt tacaíocht dúinn i mbliana!

 

Laethanta Spóirt

Faoi dheireadh táimid réidh le du lar ais chuig leagan amach na laethanta spóirt mar a bhíodar roimh Covid. I mbliana, agus an chéad uair ó 2019, beidh fáilte is fiche do na tuismitheoirí teacht chun tacaíocht a thabhairt dúinn ar an lá. Seans go mbeidh fiú rás ann do na tuismitheoirí!!! Beidh lá spóirt shóisir agus lá spóirt shinsir. Beidh na sean-rásanna céanna againn, an rás sac, práta agus spúnóg, na rásanna sealaíochta, an rás fada agus roinnt imeachtaí eile nach iad.

 

Turasanna Scoile

Cosúil le nachmór gach uile scoil eile bíonn turasanna scoie ag na páistí ag deireadh na bliana. Bíonn béim inár scoil ar turasanna nó ar imeachtaí ghníomhach. Tá sé socraithe ag Rang a 3 dul le Let’s Go School Tours, i mBaile Mhic Gormáin. Beidh siad ag tabhairt faoi an-chuid imeachtaí ar nós Zorb Ball, balla dreapóireachta agus saighdeoireacht ina measc. Cinnte beidh siad thar a bheith gnóthach.

Beidh Rang a 1 ag dul go Causey Farm agus táimid cinnte go mbeidh am den scoth acu ag dul timpeall chuig na hainmhithe agus ag súgradh sa phortach.

Beidh Rang a 5 ag dul go Páirc an Fhionnuisce ag rothaíocht le Pheonix Park Bikes. Beidh Tóir na Stór de shaghas ar súil acu agus caithfidh siad an lá ag rothaíocht timpeall an páirc fálaithe is mó in aon príomhchathair na hEorpa. Cinnte beidh siad scrioste ina dhiaidh!!

Beidh Rang a 6 ag dul go Delphi mar is gnáth. Beidh siad ann ar feadh 3 lá, 2 oíche. Beidh am den scoth acu ann le himeachtaí ó mhaidin go hoíche! N’fheadar an dtitfidh morán dóibh ina gcoladh ar an turas ar ais!

 

Comments are closed.
Working Hours

  • Monday9am - 6pm
  • Tuesday9am - 6pm
  • Wednesday9am - 6pm
  • Thursday9am - 6pm
  • Friday9am - 6pm
  • SaturdayClosed
  • SundayClosed
Teachers