oifig@scoiland.ie

01 840 9640

Draighneán, Bóthar Fhaol Droma, Sord, Co. Áth Cliath, K67V207

 

Íomáint i Scoil An D.

Scoil An Duinnínigh Vs Sacred Heart, Baile Na nGall

Bridgefield, 27/04/2016

 

Cuireadh tús leis an bhfeachtas iomána sóisear inné i bpáirceanna Bridgefield. Bhí neart oibre déanta ag an bhfoireann sa chlós ón Nollaig agus bhí sé in am dúinn dúshlán ceart a thabhairt dúinn féin i gcoinne scoil eile ! Cé go raibh báisteach ag titim i rith am scoile faoin am go raibh Bridgefield bainte amach againn bhí feabhas ar chúrsaí aimsire ,buíochas mór le Dia!

 

 

Tháinig slua breá mór ón scoil eile , Sacred Heart agus bhí neart fir ionaid acu, agus cuma mór agus láidir orthu ar fad! Tháinig slua breá tuismitheoirí freisin ón dhá scoil agus líonadh an taobh líne le lucht féachanna. Ní raibh am ag an bhfoireann ach cúpla braon uisce a chaitheamh siar agus iad i lár na páirce, dul tríd roinnt taicticí tapaigh, agus bhí sé in am le tús ceart a chuir le cúrsaí!

 

Tús maith leath na hoibre deirtear ach a mhalairt de scéal a bhí againnne. Cheapamar go raibheamar fós ag spraoi sa chlós seachas ag imirt i gcoinne scoil a bhí eagraithe agus cumasach. Cé gur éirigh linn an chéad chúilín a fháil, d’éirigh le Sacred Heart cúpla cúl a fháil agus iad ar an bhfrithionsaí. Sa chéad leath ar son na scoile bhíomar ag snámh in aghaidh easa beagáinín agus murach iarrachtaí an chúlbáire Aodh Ó Connachabhuair bheadh an scoil eile i ndiaidh imeacht as radharc. Sheas Sam Oregano sa bhearna baoil cúpla uair agus d’úsáid sé a chosa agus a chamán leis an gcúl a chosaint . Chun tosaigh bhí an lámh in uachtar ag Sacred Heart ag an bpointe seo ach de bhí Jamie Óg Mac Diarmada ó Rang A 3 ag déanamh a sheacht ndícheall agus ag troid go fíochmhar i gcoinne buachaillí a bhí i bhfad níos mó ná é ! Ag leath ama bhíomar chun deiridh, an scór a bhí ann ná 4 cúl agus 1 phointe ag an bhfreasúra agus gan againne ach 3 phointí.

 

 

Ag leath ama bheartaigh gach duine go raibh sé in am dúinn dúisiú. Rinneamar cúpla athrú chun iarracht a dhéanamh greim a bhreith ar an gluiche seo! Bogadh Johnny Ó Miadíagh go dtí na tosaithe agus d’imigh Cian Mag Fhlionn siar go croílár na gcosainte. Mhalartaigh Aodh Ó Conchubhair le Darach Ó Géibhnigh agus bhíomar breá dóchasach faoin dara leath.

 

Thosnaíómar ar luas lasrach agus d’éirigh linn teacht ar roinnt cúilíní íontacha. Bhí tionchur mór ag Peadar Ó hÍcí ar chúrsaí anois agus é ag bogadh timpeall na páirce ag bailiú na liathróide go cumasach. Bhí fathach againn i lár páirce agus ní raibh duine ar bith in ánn lámh a leagadh ar Piaras Ó Donnchú i lár na páirce. Is fiú trácht a dhéanamh freisin ar Christian Ó Muilleoir a bhí an-ghnóthach ar fad ag cabhrú le gach duine idir tosaithe agus cosainteoirí.

Toisc go bhfuaireamar na cúpla cúilín sin, mhéadaigh an féinmhuinín a bhí againn ionainn féin agus sa dara leath bhí na cosa in airde againn agus an ghaoth inár seolta. Léirigh Ché Mac Ceathmhaoil na scileanna ar fad agus bhuaigh sé cúpla poc saor dúinn. Bhí Sam Oregano fós ina rí cosainte againn ach bhí cúnamh aige anois ó léithidí Liam Aighleart agus Conor Mac Mathúna.

Daithí Vs. Goliath!!!

Daithí Vs. Goliath!!!

Leanamar orainn ag aimsiú cúilíní agus bhí cuma dáinséireach ar na tosaithe tapaigh Marc Mac An Coille agus Cian Andruceitti. Bhí na scóranna ag teacht go tiubh agus go tapaigh agus rinne cúlbáire Sacred Heart cúpla sábhailt íontach chun iad a choiméad chun tosaigh. Thánadar anuas na páirce go tapaigh agus bhí mí-ádh orainn gur phreab an tsliotar thar an líne le cúl eile a thabhairt dóibh.Níor ghéil Scoil An Duinnínigh oiread is orlach sa dara leath, agus leanamar orainn ag ionsú agus ag ionsú. Bhí an-obair ar bun ag gach aon duine againn agus léirigh Seán Ó Muinneog a chuid crógachta cúpla uair nuair a ghoid sé an sliotar i lár na páirce.

 

Ar deireadh, cé gur chuireamar Sacred Heart faoi bhrú mór, cé gur bhuileamar an trasnán agus cé go raibh roinnt conspóide ann os comhair an chúil agus Scoil An Duinníngh dul chun cinn ritheamar amach as am. Ag deireadh an lae an scór a bhí ann ná:

Sacred Heart, Baile na nGall 5 – 4

Scoil An Duinnínigh                 3- 7

 

Bhíomar ar fheabhas ar fad sa dara leath agus bhí gach imreoir lán sásta leo féín agus iad ag filleadh abhaile. Beidh lá eile ag an bPaorach. Tiocfaidh feabhas orainn, agus gan an tús mall a bhí againn is dócha go mbeadh an cluiche seo buaite againn. Ar aghaidh linn go dtín dara babhta.

( Laoch an Chluiche- Sam Oregano, Rang 4 )

 

Comments are closed.
Working Hours

  • Monday9am - 6pm
  • Tuesday9am - 6pm
  • Wednesday9am - 6pm
  • Thursday9am - 6pm
  • Friday9am - 6pm
  • SaturdayClosed
  • SundayClosed
Teachers