oifig@scoiland.ie

01 840 9640

Draighneán, Bóthar Fhaol Droma, Sord, Co. Áth Cliath, K67V207

 

Judo Sa Halla!!!

A Chairde , mar is eol daoibh is scoil fíorghnóthach í Scoil an Duinnínigh agus bíonn neart imeachtaí agus eachtraí ag tarlú anseo gach aon lá. Mar sin féin ní raibh duine ar bith ag súil le troid Judo sa halla, leis na céadta páistí mar lucht féachanna ! An mbíonn a léithéad de rud ag tarlú i scoil ar bith eile ?

 

 

Bhí cara mór leis an scoil , an Sensei Gabby Kunda ar chuairt go hÉireann arís i mbliana agus bhí sé lán sásta teacht isteach chugainn chun taispeántas Judo a léiriú dúinn. Tá crios dubh ag Gabby agus fad is a bhí na páistí ag féachaint air, ba léir go raibh máistir i mbun a cheirde.

 

 

 

 

Thosnaíomar le cleachtaí chun an corp a théamh agus ansin bhogamar ar aghaidh agus bhíomar ag foghlaim conas titim I gceart agus muid féin a chosaint ! Tháinig roinnt páistí cróga amach ar na matai agus rinneamar na cleachtaí. . . Lean cúrsa ar aghaidh ag ag éirí níos deacra , agus go luath bhíomar ag dul bun os cionn agus ag casadh timpeall agus timpeall . . .

 

 

 

Tar éis seo chleachtaíomar roinnt gluaiseachtaí Judo , conas do chéile chomhairc a chaitheamh go talamh , nó a chaitheamh san aer ! Bhí an mí-ádh ar Mhúinteoir Ciarán go raibh sé mar phairtnéir ag Gabby agus tháinig sé anuas go trom uair nó dhó ! Baineadh geit as an slua , bhí múinteoirí imithe ag rith chun leac oighear agus bindealáin a fháil ach lean Gabby ar aghaidh ag taispeáint na cleasanna dúinn. . . Bheartaigh roinnt imreoirí óga Judo teacht amach ón slua, agus , iontas na n-iontas, d’éirigh leo Gabby a chaitheamh go talamh le haghaidh “ippon” – sin scór mór sa Seapánais !

 

 

Agus an glór sa halla fós ag meadú bhí sé anois in am don “Piece de Resistance”. Bhí troid Judo le bheith ann idir Múinteoir Ciarán agus Gabby ! Bhí Cuma deas ré-chúiseach ar Gabby. Bhí Ciarán ag crith le heagla , ach tar éis dó an troid seo a chailiúint i 2017, bhí fonn díoltais air mar sin féin. Bhí sé cosúil le dhá tharbh ag troid I bpáirc , iad ag dul in adharca a chéile ! Isteach le Ciarán go cróga , ag ceapadh go mbeadh an lá leis ! Go tobann bhí sé san aer , agus ansin ag tuirlingt ar a thóin ! Bhí an chéad pointe faighte ag Gabby !

 

 

Sheas Ciarán an fód agus amach leis an uair suas d’éirigh leis greim scórnaigh a fháilt ar Ghabby ! Ní raibh trócaire ar bith aige agus ar deireadh d’éírigh leis a chriomáin a chasadh ag a chuid nirt a úsaid chun cor coise a bhaint as Gabby ! A haon, a haon a bhí ann anois !

 

 

Uair na cinniúna ! An pointe deiridh ! Bhí roinnt múinteoirí sa halla a rá go raibh sé ar nós Achilles I gcoinne Hector fadó fadó. Faoin am seo bhí imní ar Mhúinteoir Nóirín agus bhí sí ag iarraidh ionadaí a eagrú don lá dár gcionn ! Bhí an talamh fluich le hallas , bhí teannas na hócáide le brath san aer ! Ar dtús bhí tús láidir ag Ciarán , ach ansin arís bhí an lámh in uachtar ag Gabby ! Bhí cuma traochta ar Chiarán, bhí a theanga ag gobadh amach le tart fiú amháin ! Chun na fírinne a rá bhí Gabby níos compardaí ná sin , bhí sé ar fad feicthe cheanna féin ag an bhfear Judo mór le rá . Ar deireadh ní raibh ionadh ar dhuine ar bith nuair a chaith sé Ciarán suas sa aer uair amháin eile. Bhí an bua ag Gabby, ar son Zambia, a thír dúchais agus fágadh Ciarán sínte amach ar na matai , leath slí idir beo agus marbh!!!

 

Ba mhaith linne sa scoil ár mbuíochas ó chroí a ghabháil le Gabby, bhí lá den scoth againn. Tá súil again freisin go dtosnóidh cúpla páiste eile ag dul go dtí ranganna Judo. Thaithin sé go mór linn ar fad a bheith ag féachaint ar an Judoka seo agus Idir Ipads agus peil agus Judo agus ceol, tá neart rudaí deasa déanta againn ó thús na míosa seo. Tá na páistí ar fad ar bís , ag ceistiú, cad é an chéad rud mór eile a bheidh again sa halla ?

 

Comments are closed.
Working Hours

  • Monday9am - 6pm
  • Tuesday9am - 6pm
  • Wednesday9am - 6pm
  • Thursday9am - 6pm
  • Friday9am - 6pm
  • SaturdayClosed
  • SundayClosed
Teachers