oifig@scoiland.ie

01 840 9640

Draighneán, Bóthar Fhaol Droma, Sord, Co. Áth Cliath, K67V207

 

Lá Domhanda na Leabhar le Rang Aoife Nic U

Bhí lá iontach againn agus Lá Domhanda na Leabhar a cheiliúradh againn ar scoil! 📚

Bhí muid ar fad gléasta suas mar charachtair ó leabhar a thaitníonn linn. Rinne gach duine sár iarracht agus bhí an-spraoi againn! Bhí an Fathach is Breátha sa Tír, Peter Pan, Woody, cúpla sárlaoch, Hulk, Mandalorian, Hermione, Caillí, Minnie Mouse, Lemming, Mary Poppins, Cat a’ Hata agus roinnt banphrionsaí álainne ag súgradh agus ag foghlaim i seomra a 7 don lá!!! 📚

Léigh Máire scéal álainn dúinn sa halla agus bhí an deis againn leabhair a fháil ar iasacht ón leabharlann freisin! Ghlacamar páirt i gcomórtas ealaíona freisin 🎨 Bhí an-spraoi againn agus Wally a aimsiú againn timpeall na scoile, bhí Wally i bhfolach ar fud na háite! 

Bhí lá den scoth againn ag léamh agus ag éisteacht le scéalta! Is breá linn a bheith ag léamh 📚

Comments are closed.
Working Hours

  • Monday9am - 6pm
  • Tuesday9am - 6pm
  • Wednesday9am - 6pm
  • Thursday9am - 6pm
  • Friday9am - 6pm
  • SaturdayClosed
  • SundayClosed
Teachers