oifig@scoiland.ie

01 840 9640

Draighneán, Bóthar Fhaol Droma, Sord, Co. Áth Cliath, K67V207

 

Lá Domhanda um Leabhair 2021

Bhaineamar ar fad an-taitneamh as Lá Domhanda um Leabhair i mbliana 📚📚📚 .

Ghléas na páistí agus na múinteoirí mar charaictéir ó leabhair a thaitin leo. Rinne gach éinne sár-iarracht. Bhí Matilda, Paddington Bear, Harry Potter, Cochaillín Dearg, Mr. Men agus roinnt Ninjas le feiceáil ag rith timpeall clós na scoile!

Léigh Máire sa leabharlann roinnt scéalta dúinn ar Zoom agus ghlacamar páirt i gcomórtas ealaíona Lá Domhanda um Leabhair 🎨🎨🎨.

Ghlac roinnt ranganna páirt i Tráth na gCeist ar Zoom agus  rinne ranganna eile clúdach leabhair a athchruthú sa bhaile.

Fuair na páistí ar fad dearbhán chun lacáiste €1.50 a fháil sna siopaí leabhair 💶💶💶.

Bhí lá álainn againn go léir ag léamh agus ag éisteacht le scéalta😊😊😊.

             

Comments are closed.
Working Hours

  • Monday9am - 6pm
  • Tuesday9am - 6pm
  • Wednesday9am - 6pm
  • Thursday9am - 6pm
  • Friday9am - 6pm
  • SaturdayClosed
  • SundayClosed
Teachers