oifig@scoiland.ie

01 840 9640

Draighneán, Bóthar Fhaol Droma, Sord, Co. Áth Cliath, K67V207

 

Lá na Cásca!

 

 

 

 

photo 1 photo 2

Lá den scoth a bhí ag gach éinne idir fhoireann agus pháistí ar an Aoine roimh bhriseadh do Shaoire na Cásca. Thionól gach duine sa halla ar maidin. Tosaíodh le cúpla paidir , comhrá faoin seachtain Naofa agus canadh an tAiséirí don Cháisc. Rinneadh cóimhriú ar Chártaí glasa na ranganna agus aithníodh na buaitheoirí le go leor spraoi agus ríméad.

Chuir an TOBSHLUA ag Rang Bhrídín alltacht cheart orainn go léir. Muid fós ag canadh na liricí 🙂

Bhí crannchur na Cásca ann ansin le páistí ar bís faoi na huibheacha móra a bhuachan. Buíochas mór le Comhairle na dtuistí agus Rang 6 a d’eagraigh. I ndiaidh an tsosa beaga bhí seó faisiún na boinéad Cásca agus leanadh ar aghaidh le mórshiúl na Cásca i ndiaidh timpeall agus taobh amuigh den scoil. Tháinig gach páiste ar ais chuig an rang go hubh beag seacláide le hithe.

Bhain gach duine fíor-shult as an lá. Breathnaigí ar chúpla grianghraif thíos!

Beananchtaí na Cásca oraibh go léir.

 

 

Comments are closed.
Working Hours

  • Monday9am - 6pm
  • Tuesday9am - 6pm
  • Wednesday9am - 6pm
  • Thursday9am - 6pm
  • Friday9am - 6pm
  • SaturdayClosed
  • SundayClosed
Teachers